Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 December 2016

Tuesday, 6 December 2016

Ceisteanna (277)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

277. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá tógtha aici lena chinntiú go n-úsáidfear an t-airgead breise a cuireadh ar fáil d’Údarás na Gaeltachta don bhliain 2017 le haghaidh comharchumainn agus eagraíochtaí pobalbhunaithe eile chun cur leis an mbundeontas reáchtála do na heagraíochtaí seo seachas aon ghníomhaíocht eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [38578/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil é Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chuirtear ar fáil dó go bliantúil a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe dó, lena n-áirítear na cúramaí a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga agus forbairt pobail araon. Ar ndóigh, i gcomhthéacs fheidhm mo Roinne mar a bhaineann sé le rialú corparáideach an Údaráis de, leagtar amach, ar bhonn bliantúil, sa litir cheadúcháin agus i bhfoirm Comhaontaithe Leibhéil Seirbhíse, an clár oibre don bhliain, na táscairí feidhmíochta a bhaineann leis, de réir mar is cuí, agus an t-allúntas airgeadais atá á chur ar fáil ón Státchiste ina leith, chomh maith le coinníollacha ábhartha an mhaoinithe sin.

Roinn