Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Foras Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 April 2017

Thursday, 13 April 2017

Ceisteanna (217)

Aindrias Moynihan

Ceist:

217. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an gcuirfidh sí faisnéis ar fáil i bhfoirm tábla maidir leis an leibhéal maoinithe a dáileadh ar an bhForas Teanga go bliantúil thar an tréimhse 2014-2016 agus maidir leis an leithdháileadh maoinithe le haghaidh 2017; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19015/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá an Foras Teanga mar cheann de na 6 chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 agus tá sé comhdhéanta de dhá áisíneacht ar leith, eadhon, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

Sa chomhthéacs sin, cuirtear maoiniú ar fáil don bhForas Teanga ó mo Roinnse agus ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann de réir bhuiséid a bhíonn ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar bhonn 75% ó mo Roinn agus 25% ón Roinn Pobal. Déantar Gníomhaireacht na hUltaise a chómhaoiniú ar bhonn 25% ó mo Roinn agus 75% ón Roinn Pobal. Anuas air sin, cuireann mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.

Tá briseadh síos ar mhaoiniú mo Roinne sna blianta 2014-2016 á léiriú sa tábla seo a leanas. Maidir leis an mbliain 2016, is fiú dom a shoiléiriú gur chuir mo Roinn maoiniú breise €260,681 ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus €20,976 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise in 2016 lasmuigh de na buiséid a bhí ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.

-

2014

€

2015

€

2016

€

Foras na Gaeilge

11,518,979.99

11,395,124.00

11,347,865.00

Clár na Leabhar Gaeilge

1,117,395.00

1,105,380.00

1,061,165.00

Colmcille

74,715.14

113,645.91

118,518.37

Gníomhaireacht na hUltaise

758,282.36

853,719.39

721,862.35

Iomlán

13,469,372.49

13,467,869.30

13,249,410.72

Is é €13.989m an soláthar táscach sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017 ó dheas chun freastal ar na búiséid a bheidh ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas amach anseo don bhForas Teanga, mar aon le maoiniú imfhálaithe do Chlár na Leabhar Gaeilge agus Cholmcille.

Roinn