Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Iompair

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 June 2024

Thursday, 20 June 2024

Ceisteanna (85)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

85. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair an bhfuil sé i gceist aige táille €2 a thabhairt isteach don limistéar timpeall ar Ghaillimh lena mbeifear in ann seirbhísi iompair phoiblí a úsáid gan teorainn laistigh de thréimhse nócha nóiméad mar atá i mBaile Átha Cliath; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26597/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar Aire Iompair tá freagracht agam do bheartas, agus maoiniú ginearálta maidir le hiompar poiblí. Ni bhíonn baint agam, áfach, le hoibríochtaí Iompair Phoiblí ó lá go lá. Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as rialúchán a dhéanamh ar na táillí a ghearrtar ar phaisinéirí i dtaca le seirbhísí iompair phoiblí, a chuirtear ar fáil faoi chonarthaí oibligeáide seirbhíse poiblí.

I gcomhthéacs freagrachta an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA) sa réimse seo, tá ceist an Teachta curtha ar aghaidh agam chuig an NTA i gcomhair freagra díreach. Muna bhfuil freagra faighte agat laistigh de dheich lá, cuir é seo in iúl do m’oifig phríobháideach le do thoil.

A referred reply was forwarded to the Deputy under Standing Order 51.
Roinn