Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 June 2024

Tuesday, 25 June 2024

Ceisteanna (188)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

188. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a cuireadh torthaí an taighde ar an haonaid lán-Ghaeilge faoi bhráid na Roinne/COGG; cén fáth go bhfuil an oiread moille ar fhoilsiú na dtorthaí i bhfianaise na torthaí sin a bheith ina gcuid lárnach den chomhchomhairliúchán ar fhorbairt beartais don oideachas lán-Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27015/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá obair ar bun sa Roinn Oideachais faoi láthair chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé luaite mar cheann de na príomhchuspóirí i bhforbairt an pholasaí, polasaí soiléir a fhorbairt ar bhunú agus ar inbhuanaitheacht Aonaid/Sruthanna trí mheán na Gaeilge in iar-bhunscoileanna meán-Bhéarla chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú.

Rinne an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) taighde a choimisiúnú chun anailís a dhéanamh ar an soláthar reatha in Aonaid agus i Sruthanna. Bhí plé ar an taighde úd fós ar bun le linn mhí an Mheithimh. Ar an ábhar go ndearna COGG an taighde a choimisiúnú, is fúthu a bheidh sé cén uair a chuirfear an taighde ar fáil.

Roinn