Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Teaching Qualifications

Dáil Éireann Debate, Thursday - 27 June 2024

Thursday, 27 June 2024

Ceisteanna (164)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

164. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén cháilíocht Ghaeilge atá ag teastáil do phoist mhúinteoireachta i nGaelcholáistí agus i nGaelscoileanna dara leibhéal a bhfuil Aonad Gaeilge iontu; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27749/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is faoin údarás scoile aonair atá sé múinteoirí a earcú agus a cheapadh chun poist mhúinteoireachta a líonadh, faoi réir nósanna imeachta a comhaontaíodh faoi Alt 24(3) den Acht Oideachais 1998 (arna leasú leis an Acht Oideachais (Leasú), 2012).

De réir Imlitir 0031/2011 na Roinne, ceanglaítear ar scoileanna múinteoirí atá cáilithe agus cláraithe go cuí a fhostú agus a chinntiú gur cheart fostaíocht a thairiscint do mhúinteoirí dífhostaithe de rogha orthu siúd atá éirithe as. Rinneadh na bearta seo in iarracht cur le deiseanna fostaíochta do mhúinteoirí dífhostaithe.

Tá An Teastas Gaeilge ag teastáil ó mhúinteoirí atá fostaithe in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, múinteoirí atá fostaithe i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theagasc teanga agus múinteoirí a mhúineann ábhar ar bith trí mheán na Gaeilge (seachas an Ghaeilge féin) in aon scoil. Is féidir eolas maidir leis na cáilíochtaí riachtanacha d'iar-bhunscoileanna a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne www.gov.ie (féach Iar-bhunoideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM)). Tá líofacht sa Ghaeilge de dhíth chun múineadh i scoil lán-Ghaeilge agus tá sé de dhualgas ar phátrún agus ar bhord bainistíochta na scoile a chinntiú go bhfuil leibhéal sásúil Gaeilge ag iarrthóirí poist le múineadh i scoil lán-Ghaeilge.

Roinn