Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 10 July 2024

Wednesday, 10 July 2024

Ceisteanna (106)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

106. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici, de bharr easpa múinteoirí ionadaíochta, síneadh a chur leis an gcead do mhúinteoirí a bhfuil postroinnt á déanamh acu, chun ionadaíocht shealadach a dhéanamh ar laethanta nuair nach mbíonn siad ag múineadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30430/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Réimse gníomhaíochta tosaíochta don Rialtas is ea a chinntiú gur dearfach atá eispéireas gach linbh ar scoil agus go bhfuil múinteoirí cáilithe gafa ar fáil chun cabhrú leo ina gcuid foghlama.

Mar fhreagairt do na saincheisteanna a cuireadh in iúl maidir leis an soláthar múinteoirí, chuir mo Roinn an srian ar ghabháil don teagasc ionaid a forchuireadh faoin Scéim Postroinnte, mar atá leagtha amach i gCaibidil 8 (Mír 11.1(a)) de Chiorclán 54/2019, ar fionraí do na scoilbhlianta 2021/22, 2022/23 agus 2023/24. Féadfar na múinteoirí sin a fhostú chun obair mar mhúinteoirí ionaid le linn na dtréimhsí a bhíonn siad as dualgas.

Tá an Roinn ag déanamh breithniú faoi láthair ar an mbeart sin a fhadú an athuair go dtí an scoilbhliain 2024/25.

Leanann mo Roinn le dlúthchaidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí oideachais chun bearta nuálacha breise a fhorbairt ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna soláthar múinteoirí.

Roinn