Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 July 2024

Thursday, 11 July 2024

Ceisteanna (212)

Brendan Smith

Ceist:

212. D'fhiafraigh Deputy Brendan Smith den Aire Oideachais na bearta a chuirfidh sí i bhfeidhm chun cuidiú le níos mó gaelscoileanna agus gaelcholáistí a bhunú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30770/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ó 2011 i leith, tá socruithe i bhfeidhm chun scoileanna nua a bhunú ina ndéanfar éileamh áiteanna scoile a thuar bunaithe ar chleachtaí déimeagrafacha a dhéanfaidh mo Roinn.

Ní bhunaítear scoileanna nua ach i gceantair ina bhfuil fás déimeagrafach, mar ní mór tosaíocht a thabhairt do na hacmhainní atá ar fáil d’infrastruchtúr scoile chun áit scoile a chinntiú do gach leanbh.

Tugann na socruithe seo deis do phátrúin iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht scoileanna nua. Leagann na critéir a úsáidtear agus cinneadh á dhéanamh ar phátrúnacht scoileanna nua béim ar leith ar roghanna pátrúnacht agus teanga - Gaeilge nó Béarla - na dtuismitheoirí mar aon le hanailís ar an soláthar atá ann cheana féin, lena n-áirítear soláthar trí mheán na Gaeilge, sna limistéir ina bhfuil na scoileanna á mbunú.

Ní mór d’fhormhór na n-iarbhunscoileanna nua acmhainn rollaithe de 600 go 1,000 scoláire a bheith acu. D’fhéadfaí tairseach níos ísle de 400 scoláire a chur i bhfeidhm i gcás Gaelcholáistí, ag féachaint don rogha eile maidir le haonad lán-Ghaeilge, nó Aonad, a bhunú i scoil atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Is féidir le pátrún iar-bhunscoile ar bith dul i dteagmháil le mo Roinn chun bunú Aonaid i scoil atá ann cheana féin a fhiosrú.

Tá obair idir lámha i mo Roinn maidir le polasaí nua a fhorbairt don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh an polasaí mar chuid de chreat foriomlán na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus tógfaidh sé ar éachtaí an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. I measc na gcuspóirí don pholasaí nua tá iniúchadh ar an gcaoi inar féidir deiseanna do bhunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta.

D’fhoilsigh mo Roinn sraith tuarascálacha le déanaí, a d’ullmhaigh institiúid taighde Sealbhú in OCBÁC, a bheidh mar bhonn eolais d’fhorbairt an pholasaí nua. I measc na dtuarascálacha sin tá athbhreithniú ar litríocht idirnáisiúnta ar oideachas trí mheán na mionteangacha, tuarascálacha ar na céimeanna éagsúla den chomhairliúchán poiblí a rinne mo Roinn chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt polasaí, agus sraith moltaí polasaí a d’eascair as sin. Agus an polasaí nua á fhorbairt, bainfidh mo Roinn leas as na tuarascálacha seo, mar aon leis an bhfaisnéis a roinnfidh páirtithe leasmhara ag cruinnithe déthaobhacha.

Déanfar an t-eolas seo a mheas i bhfianaise an tsoláthair reatha don oideachas trí mheán na Gaeilge agus na réamh-mheastacháin ar éileamh ar an gcóras oideachais amach anseo, chomh maith le comhthéacs buiséadach agus reachtaíochta mo Roinne.

Roinn