Réimse gníomhaíochta tosaíochta don Rialtas is ea a chinntiú gur dearfach atá eispéireas gach linbh ar scoil agus go bhfuil múinteoirí cáilithe gafa ar fáil chun cabhrú leo ina gcuid foghlama.
Tá Buiséad 2024 ina léiriú ar an tiomantas atá ag an Rialtas seo d’infheistíocht leanúnach a dhéanamh sa chóras oideachais trí bhearta éagsúla:
• Scéim aisíocaíochta do chostais mháistir ghairmiúil san oideachas a thabhairt isteach do mhúinteoirí nuacháilithe a bhainfidh céim amach sa bhliain 2024. Is féidir le múinteoirí incháilithe íocaíocht is fiú suas le €2,000 a fháil, rud atá le híoc sa bhliain 2025.
• Cláir uasoiliúna a leathnú, ar cláir iad atá ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí agus a bhfuil mar aidhm leo méadú a dhéanamh ar an líon múinteoirí cáilithe in ábhair ardéilimh. Comhlánófar cláir nua i nGaeilge, Fraincis, polaitíocht agus an tsochaí agus eolaíocht ríomhaireachta na cláir atá ann cheana i matamaitic, fisic agus Spáinnis. Tosóidh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ar chlár nua uasoiliúna Gaeilge a sholáthar do mhúinteoirí iar-bhunscoile ag deireadh na bliana 2024, ar clár é a bheidh ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí incháilithe.
I dteannta na mbeart sin, d’fhorbair mé, mar Aire, tionscnaimh bhreise atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an soláthar múinteoirí. Áirítear iad seo a leanas leis na tionscnaimh sin:
• 610 n-áit bhreise a cheadú ar chláir oideachais tosaigh múinteoirí do leibhéal na bunscoile thar na blianta acadúla 2023/24 agus 2024/25.
• Solúbthacht a chinntiú i gcláir oideachais tosaigh múinteoirí chun múinteoirí faoi oiliúint a cheadú tacaíocht a thabhairt do scoileanna. Cláraíodh breis agus 2,700 múinteoir faoi oiliúint leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi Bhealach 5 sa bhliain 2023, agus iad ag tabhairt tacaíocht luachmhar teagaisc ionaid. Tá 3,700 múinteoir faoi oiliúint cláraithe faoi Bhealach 5 faoi láthair, an líon is airde riamh.
• Leantar le gairm an teagaisc a chur chun cinn tríd an bhfeachtas ‘Déanann an Teagasc Athrú ó Bhonn’, agus spreagadh á thabhairt do dhaltaí gairm a shaothrú sa teagasc. Úsáidtear na meáin dhigiteacha, an raidió agus na meáin físe mar chuid den fheachtas, agus gabhann leathanach Gréasáin tiomnaithe ag www.gov.ie/teachingtransforms leis
Is rogha tharraingteach ghairme é an teagasc go fóill.
• Tháinig méadú 14% ar an líon uaireanta a roghnaíodh an teagasc iar-bhunscoile mar chúrsa céadrogha CAO sa bhliain 2023. Tá sé sin de bhreis ar an méadú 9% a chonacthas ina leith sin sa bhliain 2022. Tháinig méadú ar an líon uaireanta a roghnaíodh an teagasc bunscoile mar chúrsa CAO faoin dáta deiridh i mí Feabhra 2024. Bhí méadú foriomlán 10% ann ar an líon uaireanta a roghnaíodh an teagasc bunscoile mar chúrsa, agus méadú 2% ag teacht ar an líon uaireanta a roghnaíodh mar chúrsa céadrogha é ó bhí an bhliain 2023 ann.
• Bhí 4,271 iarratas céadrogha ann ar chláir theagaisc fochéime sa bhliain 2024, ar threocht í a bhí ag teacht, tríd is tríd, lena bhfacthas le blianta beaga anuas. Tugtar le fios in anailís ar iarratais CAO a rinneadh ón mbliain 2017 go dtí an bhliain 2024 gur ann d’éileamh marthanach láidir ar chláir theagaisc fochéime. Ar an meán, ba le cláir theagaisc bunscoile nó le cláir theagaisc iar-bhunscoile a bhain 6% de na hiarratais chéadrogha uile a rinneadh ón mbliain 2017 go dtí an bhliain 2024. Rud sonrach, ba sa raon idir 2.9% agus 3.8% a bhí an céatadán d’iarratais chéadrogha a rinneadh ar chláir theagaisc bunscoile fochéime. Ba sa raon idir 2.4% agus 2.9% a bhí an céatadán d’iarratais chéadrogha a rinneadh ar chláir theagaisc iar-bhunscoile fochéime.
• Léirítear i gcóimheas na n-iarratas céadrogha a rinneadh ar chúrsaí leibhéal 8 trí CAO sa bhliain 2022 go raibh 1.5 iarratasóir ann ar gach áit oideachais. B’airde an t-éileamh ar áiteanna i gcúrsaí bunscoile (2) ná an t-éileamh ar áiteanna i gcúrsaí iar-bhunscoile (1.5). Is airde an t-éileamh ar oideachas tosaigh múinteoirí bunscoile ná é sin sna réimsí uile seachas míochaine (3.5) agus tréidliacht (5.2).
• Mar thoradh ar an mbeart nua pá, ar vótáil gach ceann de na trí cheardchumann múinteoirí ina fhabhar, méadófar tuarastal tosaigh múinteoirí go €46,000, agus é ag méadú go €85,000 ar a mhéad in aghaidh na bliana. Is tuarastal maith é sin, i gcomparáid le figiúirí idirnáisiúnta. Beidh an pá tosaigh €46,000 cothrom le méadú €20,000, beagnach, ar rátaí na bliana 2011.
• Chláraigh breis agus 3,700 múinteoir nuacháilithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta sa bhliain 2023, agus níos mó ná 122,000 múinteoir ar chlár na Comhairle Múinteoireachta anois.
Ina theannta sin, chistigh mo Roinn raon gníomhartha oideachais múinteoirí faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta chun cur leis an líon múinteoirí atá ar fáil chun teagasc go héifeachtach trí mheán na Gaeilge.
• Bunaíodh clár Baitsiléara san Oideachas trí mheán na Gaeilge (bunscoil) in Institiúid Oideachais Marino sa bhliain 2019. Soláthraítear cistiú do 30 áit nua gach bliain. Tógadh cohórt de 56 mhac léinn isteach sa bhliain 2023, agus é sin á dhéanamh ar bhonn eisceachtúil mar chuid den phlean cuimsitheach atá i bhfeidhm ag mo Roinn chun tacú leis an soláthar múinteoirí. Bhain an chéad chohórt de 34 mhac léinn céim amach ón gclár i mí na Samhna 2023. Dámhadh conradh nua d’Institiúid Oideachais Marino sa bhliain 2023 chun an clár Baitsiléara san Oideachas a sholáthar do chúig chohórt eile.
• Tá cistiú á sholáthar do chlár Máistreachta san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó bhí an bhliain 2018 ann. Is clár foghlama cumaisc é. Bhí an cúrsa sin á sholáthar i gColáiste Mhuire gan Smál ó bhí an bhliain 2018 ann. I mí an Mhárta 2023, dámhadh do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an conradh le haghaidh leanúint den chúrsa, agus tosaíodh é i mí Mheán Fómhair 2023. Tá 26 mhac léinn cláraithe ar an gcúrsa i gColáiste na Tríonóide don bhliain acadúil 2023/24.
• Tá beirt mhúinteoirí ar iasacht agus sparánachtaí ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta á gcur ar fáil chun tacú leis an Máistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na Gaillimhe ó bhí an bhliain 2017 ann.
Tá obair ar siúl i mo Roinn faoi láthair chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Cuirfidh an polasaí sin le héachtaí an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Agus an polasaí á fhorbairt aici, tá sé mar aidhm ag an Roinn, i measc nithe eile, scrúdú a dhéanamh ar an dóigh ar féidir an soláthar múinteoirí agus an soláthar ball foirne eile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a mhéadú chun freastal ar an éileamh i suíomhanna oideachais lán-Ghaeilge.