Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 September 2024

Thursday, 19 September 2024

Ceisteanna (162)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

162. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sí ar an eolas faoin gclár de chuid Iniúchadh TG4 darb ainm “Níl aon tinteán” a tharraing aird ar an drochthionchar atá ag an meadú ar lóistín turasóireachta gearrthéarmach ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht; agus an bhfuil plean ar bith aici chun dul i ngleic leis an ngéarchéim áirithe seo, agus an dáta faoina bhfoilseofar na treoirlínte pleanála tithíochta a bhí geallta in 2021. [37056/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mé an eolach faoi na dúshláin atá ann i gceantair Ghaeltachta títhíocht a chur ar fáil ar phraghas réasúntá do dhaoine áitíula. Seo dúshlán atá níos leithne ná an Ghaeltacht féin ar ndóigh agus tá an Rialtas seo an-ghníomhach sa réimse seo mar is léir ó líon na dtithe atá á thógáil anois ar fud na tíre. Tógadh beagnach 33,000 teach in Éirinn anuraidh - an líon is mó le 15 bliana. Cheana féin i 2024, tá tús curtha le beagnach 34,000 teach sa chéad sé mhí don bhliain.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) ós comhair Tithe an Oireachtais anois agus tabharfaidh sé seo cumhachtaí nua don Údarás talamh a chur ar fáil le h-aghaigh tithíochta i gceantair Ghaeltachta. 

Ó thaobh lóistín turasóireachta gearrthéarmach de, cuirfidh an Bille um Ligean Gearrthéarmach agus Turasóireacht bonn reachtúil ar chóras  nua clárúcháin le haghaidh Ligean Gearrthéarmach in Éirinn. Tá sé i gceist ag an Aire Martin Scéim Ghinearlta an Bhille seo a chur ós comhair an Rialtais go luath. 

Ní dhéanfaidh an Bille seo aon athrú ar na riachtanais phleanála atá ann cheana féin le haghaidh ligintí gearrthéarmacha atá ag feidhmiú in Éirinn, ach cabhróidh sé le húdaráis áitiúla na riachtanais phleanála atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí.

Cabhróidh an Bille le soiléireacht a thabhairt faoin chuid seo de thionscal na turasóireachta agus chun a chinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn in-bhuanaithe. Creidim go mbeidh sé seo ina chabhair sa Ghaeltacht go fad-tearmach.

Ó thaobh na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, tá mó Roinn ag obair go dhlúth leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta  agus tá súil agam go gcuirfidh an Roinn sin dréacht theoirlínte ar fáil in am trátha mar chuid de phróiséis comhairleacháin phoiblí.

Roinn