Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 November 2024

Tuesday, 5 November 2024

Ceisteanna (393)

Sorca Clarke

Ceist:

393. D'fhiafraigh Deputy Sorca Clarke den Aire Oideachais cén fáth ar fágadh Gaelscoileanna ar nós Bunscoil an tSléibhe Dhuibh in Iarthar Bhéal Feirste amach as Scéim RAISE, atá páirtmhaoinithe ag Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, agus 60% de dhaltaí na scoile ag fáil béilí scoile saor in aisce. [44272/24]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is togra de chuid na Roinne Oideachais i dTuaisceart Éireann é Clár RAISE i dTuaisceart Éireann. Tá sé deartha le tacú le cur i bhfeidhm na gcinntí agus na moltaí a bhaineann le míbhuntáiste oideachais atá sa tuarascáil "A Fair Start (Tús Cothrom)" a d'ullmhaigh Painéal Saineolaithe i dTuaisceart Éireann agus a d'fhaomh Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann in 2021.

Is clár píolótach é atá deartha le tús a chur le roinnt beart a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach leis an gcur chuige ceantarbhunaithe a chur san áireamh atá dírithe ar phobail agus ar scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste i dTuaisceart Éireann. Is faoin Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann polasaithe agus cláir oideachais i dTuaisceart Éireann a dhearadh agus a chur i bhfeidhm.

Tuigim nár cuireadh aon mhaoiniú ar fáil go fóill d'aon phobail ná scoileanna faoin togra seo.

The RAISE Programme in Northern Ireland is an initiative of the Department of Education in Northern Ireland. It is designed to support the implementation of the findings and recommendations on educational disadvantage contained in the “A Fair Start” report, prepared by an Expert Panel in Northern Ireland and endorsed by the Northern Ireland Executive in 2021.

It is a pilot programme designed to start the roll-out of some measures to take a locality-based approach focused on communities and schools in areas of disadvantage in NI. The design and implementation of education policies and programmes in NI are a matter for the Department of Education in Northern Ireland.

I understand that no funding has yet been provided to any communities or schools under this initiative.

Roinn