Éamon Ó Cuív
Ceist:856. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist ag a Roinn fiosrúchán a dhéanamh faoi cén fáth ar tharraing beagnach 50% de na feirmeoirí in Oileáin Árann a bhí páirteach in Acres Tranche 2 as an scéim i mbliana ag tógáil san áireamh an tábhacht a bhaineann leis na hoileáin ó thaobh na heiceolaíochta de agus an tábhacht a bhaineann dá bharr le feirmeoireacht ard-eiceolaíochta ar na hoileáin; agus an ndearna a Roinn teagmháil leis na feirmeoirí lena fháil amach cén fáth ar fhág an oiread acu an scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44795/24]
Amharc ar fhreagra