Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 February 2025

Thursday, 6 February 2025

Ceisteanna (110)

Conor D. McGuinness

Ceist:

110. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé ar an eolas faoin gcruachás ina bhfuil Foras na Gaeilge de dheasca easpa maoinithe; an bhfuil aon phlean aige chun dul i ngleic leis an nganntanas airgid atá ag cur scéimeanna Gaeilge i mbaol ar fud na tíre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3615/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) a cheadaíonn maoiniú reatha don Fhoras Teanga Thuaidh-Theas, Foras na Gaeilge san áireamh.

Cuireann mo Roinn 75% de bhuiséad ceadaithe Fhoras na Gaeilge ar fáil go bliantúil, leis an 25% eile ag teacht ó Roinn Pobal Tuaisceart Éireann, de réir an cóimheas maoinithe a aontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga.

Cé go bhfuil airgead breise ar fáil i mbuiséad mo Roinne le blianta beaga anuas, 2025 san áireamh, is gá cómhaoiniú de réir an cóimheas maoinithe a bheith ar fáil ón Roinn Pobal, Tuaisceart Éireann, sular féidir aon ardú a chur ar bhuiséad an Fhorais.

Tá ceist mhaoinithe na bhForas Fhorfheidhmithe Thuaidh Theas á plé ag na Ranna uarraíochta agus na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse agus níl cinneadh deiridh déanta maidir le buiséad 2025, a bheidh le cur faoi bhráid an chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

I bhfianaise na ndeacrachtaí atá sonraithe thuas, tá socraithe déanta ag mo Roinn infheistíocht uilebhliantúil suntasach a dhéanamh i dtionscnaimh ar leith de chuid an Fhorais agus a chuid ceanneagraíochtaí le blianta beaga anuas ar mhaithe le cuidiú leis an earnáil dul i ngleic leis na dúshláin airgeadais seo. San áireamh anseo, tá mar shampla:

- Clár na Leabhar Gaeilge agus forbairt foclóirí nua de chuid an Fhorais;

- Scéim Gaelbhratach de chuid Gael Linn;

- Scéim Teanga Tí, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnchadha agus Gradam Gnó na Gaeilge de chuid Ghlór nan Gael;

- Scéim Spreagadh na Gaeilge, Seó Bóthair agus an Clár Céad Míle Fáilte de chuid Chonradh na Gaeilge;

- maoiniú don eagraíocht Ghaeloideachas chun earnáil an luathoideachais a fhorbairt; agus,

- maoiniú suntasach d’Oireachtas na Gaeilge chun na healaíona teangabhunaithe agus Gréasán Gaeilge na Seirbhíse Phoiblí a fhorbairt.

Sna seachtainí romhainn, leanfaidh oifigigh mo Roinne ag plé na ceiste seo lena gcomhghleacaithe sa Roinn Pobal ó thuaidh féachaint chun buiséad aontaithe an Fhorais Teanga a chur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Roinn