I propose to take Questions Nos. 130, 131, 132 and 133 together.
Tuigim gur cheadaigh bord Údarás na Gaeltachta €250,000 in airgead caipitil ag cruinniú mhí na Nollag 2023 ar obair chomhairleoireachta agus ar thaighde i leith thithíocht a fhorbairt i gceantair Gaeltachta. Tuigtear dom go bhfuil cúrsaí pleanála mar mhír sheasta ar chlár oibre gach cruinniú de chuid bhord Údarás na Gaeltachta ó mhí na Nollag 2023.
Tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta gur cead i bprionsabal atá tugtha ag an mbord agus tá súil ag Údarás na Gaeltachta múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Gaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt mar thoradh ar an obair seo i gcomhpháirt le geallshealbhóirí leasmhara.
Tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 ag Céim an Choiste sa Dáil faoi láthair. Leanfar leis an mBille seo a chur ar aghaidh trí Thithe an Oireachtais i mbliana. Soláthraíonn an Bille an chumhacht don Údarás tailte atá ina sheilbh a chur ar fáil do Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta - nó AHB i mBéarla - nó chuig údarás áitiúil chun tacú le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.
Ag an am céanna, tá Údarás na Gaeltachta ag obair le páirtithe leasmhara chomh maith chun dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla maidir le soláthar agus cur ar fáil tithíochta i gceantair Ghaeltachta.
Tá comhráití ar bun leis na húdaráis áitiúla chomh maith le geallshealbhóirí ábhartha eile, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán agus an an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ina measc i dtaobh feidhmiú beartas tithíochta Údarás na Gaeltachta. Tá trí shuíomh roghnaithe ag an Údarás i gCo. Dhún na nGall, Co. Phort Láirge agus Co. na Gaillimhe a bhféadfaí forbairt a dhéanamh orthu chuige seo.
Mar a bhaineann le stádas na suíomhanna sin tuigtear dom go bhfuil réamhobair déanta ar na suíomhanna ar fad a léiríonn go bhfuil féidearthachtaí forbartha iontu ar fad.
Roghnaíodh na suíomhanna atá i gceist mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh Údarás na Gaeltachta ar phunann maoine na h-eagraíochta. Tá, mar chéad chéim, teacht ar sheirbhísí infreastructúir ag na suíomhanna atá i gceist agus tá na suíomhanna lonnaithe in aice le seirbhísí pobail. Tá beartas tithíochta an Údaráis ag teacht le Straitéis Ghaeltacht Ghlas na h-eagraíochta chomh maith.
Tá tugtha le fios dom ag an Údarás go bhfuil an eagraíocht ag obair le páirtithe leasmhara ar roinnt gnéithe éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éagsúla maidir le soláthar agus infhaighteacht tithíochta i gceantair Ghaeltachta.
Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le sonraí breise a fhógairt in am trátha faoi bhearta sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma i gcomhar le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí eile agus le ranna Rialtais.
Mar fhocal scoir, ba cheart dom aird an Teachta a tharraingt ar ghealltanas sa Chlár don Rialtas go bhfoilseofar Treoirlínte Pleanála Gaeltachta. Tá obair shuntasach déanta cheana féin ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhairle leis an Roinn, chun na treoirlínte seo a fhorbairt.
Tógfar ar an obair seo sna míonna amach romhainn d’fhonn na treoirlínte a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Ceann de phríomhaidhmeanna an ghrúpa idir-Rannach seo ná a chinntiú go ndéanfar nósanna imeachta agus córais a chur in áit chun cur chuige éifeachtach agus caighdeánach a éascú maidir le bainistiú ceisteanna pleanála i gceantair Ghaeltachta.
Is iad na bearta thuasluaite an bealach is fearr dul i ngleic leis an easnamh sa soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.