Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 May 2025

Thursday, 1 May 2025

Ceisteanna (185)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

185. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair cé na céimeanna atá glactha aige chun tabhairt faoin easpa cigirí le Gaeilge chun ligean do Ghaeilgeoirí a dtástálacha tiomána a dhéanamh trí Ghaeilge. [21826/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoin Acht um an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre 2006, tá freagracht reachtúil ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) as an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Tiomána agus coinníonn an tÚdarás an t-eolas a iarrtar maidir le tástálaithe tiománaithe le Gaeilge a earcú.

Dá bhrí sin, chuir mé ceist an Teachta ar aghaidh chuig an RSA chun freagra díreach, mionsonraithe a chur ar fáil agus iarraim ar an Teachta teagmháil a dhéanamh le m'oifig muna bhfaighfear freagra laistigh de dheich lá.

Roinn