Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn Tithíochta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta agus tá grúpa oibre comhdhéanta den dá Roinn, Údarás na Gaeltachta agus údaráis áitiúla ábhartha bunaithe chun an cheist seo a scrúdú. Is é príomhsprioc an ghrúpa oibre seo ná a chinntiú go ndéantar pleanáil sna ceantair Ghaeltachta i gcomhthéacs sainriachtanais teanga na bpobal Gaeltachta.
Maidir le comhordú agus gníomh idir an Roinn agus na húdaráis áitiúla, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag dréachtú treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi láthair agus tionólfar cruinnithe den ghrúpa oibre de réir mar is cuí nuair atá bailchríoch curtha ar na treoirlínte sin.
Chomh maith leis sin, cuireann údaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltacht faoina gcúram, iarratais phleanála chuig mo Roinn-se i gcásanna go bhféadadh siad tionchar a imirt ar nósmhaireacht teanga na Gaeltachta dá gceadófaí iad. Déantar seo faoi alt 28(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001. Déanann mo Roinn aighneachtaí maidir leis na hiarratais seo de réir mar is gá.