Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Thursday, 12 Jun 2025

Written Answers Nos. 591-593

Calafoirt agus Céanna

Ceisteanna (591)

John Connolly

Ceist:

591. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe leis an deontas atá curtha ar fáil ag a roinn le staidéar a dhéanamh ar na riachtannais calaíochta in Inis Meáin, cé chomh minic a chuirtear tuairisc ar fáil ón gComhairle Contae don Roinn maidir leis an dul chun cinn ar an staidéar; an bhfuil sé sásta go bhfuil gach is féidir a dhéanamh á dhéanamh le dlús a chur le seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29564/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as cothabháil agus forbairt na gcéanna ar na hOileáin Árann, Inis Meáin san áireamh.

Tuigim gur thug mo Roinn cead do Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí na Nollag 2024 dul ar aghaidh le ceapachán innealtóirí comhairleacha chun an Réamhchás Gnó, lena n-áirítear Measúnú Straitéiseach, a fhorbairt do Roghanna Feabhsúcháin Infreastruchtúir Mhara ar Inis Meáin.

Bhuail oifigigh mo Roinne le hionadaithe ó na hinnealtóirí comhairleacha neamhspleácha agus ó Chomhairle Contae na Gaillimhe le déanaí, tráth ar tugadh uasdátú ar an dul chun cinn go dtí seo.

Thuairiscigh na hinnealtóirí comhairleacha go raibh leibhéal an-ard rannpháirtíochta ó phobal an oileáin ag an ócáid chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh le déanaí ar Inis Meáin. Thug na hinnealtóirí comhairleacha le fios go bhfuil siad ag forbairt múnlaí agus roghanna éagsúla anois chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair éagsúla a ardaíodh leo. Beidh gá le gach ceann de na múnlaí agus na roghanna seo a thástáil agus a mheasúnú chun teacht ar an réiteach is fearr chun an t-infreastruchtúr mara ar Inis Meáin a fheabhsú, lena n-áirítear céanna a úsáideann seirbhísí farantóireachta paisinéirí agus lastais.

Táim sásta leis an dul chun cinn go dtí seo agus tuigtear dom go bhfuil na hinnealtóirí comhairleacha le bheith críochnaithe lena gcuid oibre níos déanaí i mbliana. Buaileann ionadaithe mo Roinne le hionadaithe Comhairle Contae na Gaillimhe gach mí le uasdátú a fháil ar dhul chun cinn an staidéar agus lena chinntiú go leanfaidh an tionscadal seo ar aghaidh chomh gasta agus is féidir.

I ndiaidh don phróiseas seo a bheith críochnaithe, cuirfear tuarascáil ar fáil don Roinn le breithniú agus le go bhféadfaí moladh a dhéanamh maidir leis an fhorbairt is tairbhí don oileán ina iomláine.

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Ceisteanna (592)

John Connolly

Ceist:

592. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta faoín deis atá ann i mbliaina árdú ar na rátaí pá a thuilleann mná tí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30122/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá roinnt beartas ceadaithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le trí bhliana anuas chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastal na gColáistí Gaeilge agus do theaghlaigh nua atá ag teacht isteach sa chóras ina n-áirítear:

ardú ar fóirdheontas oíche ó €10 go €13;

ardú ar fóirdheontas le lucht brúnna agus coláistí cónaithe ó €5 go €9.50;

ardú ar fóirdheontas le lucht lóistín ERASMUS Gaeltachta ó €17 go €22; agus

ardú ar fóirdheontas le lucht lóistín Scéim Oileánda (Árainn) Gaeltachta ó €27 go €34.

Chun breis cúnaimh a thabhairt don earnáil, ardaíodh an t-uaslíon scoláirí gur féidir le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim a thógáil ó 12 go 16 - rud a chiallaíonn go mbeidh deis ag teaghlaigh ioncam breise a shaothrú dá bharr.

Anuas ar na ardaithe ar an bhfóirdheontas, ardaíodh an deontas tosaithe aonuaire ó €2,000 go dtí €6,000 do theaghlaigh nua a chláraíonn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus do theaghlach atá ag iarraidh teacht ar ais sa chóras tar éis dóibh a bheith imithe as an scéim le cúig bliana nó níos mó. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú sábháilteacht dóiteáin, mar aon le costais a bhaineann le hábhair ar leith bainteach le lóistín a chur ar fáil.

Níl aon chinneadh déanta go fóill an mbeidh ardú ar fóirdheontas na scéime i mbliana ach ar ndóigh bíonn mo Roinn i gcónaí ag faire amach ar bhealaí chun cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge.

Irish Language

Ceisteanna (593)

Naoise Ó Cearúil

Ceist:

593. Deputy Naoise Ó Cearúil asked the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht the measures he is taking to encourage Irish businesses to provide food information bilingually to promote the Irish language; and if he will make a statement on the matter. [31625/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

As the Deputy will be aware the promotion of the use of Irish to the greatest extent possible is a priority for my Department. Unfortunately, I have no role, statutory or otherwise, with regard to information labelling on food products. You may wish to raise this issue with my colleague, the Minister for Health.

Roinn