Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Wednesday, 25 Jun 2025

Written Answers Nos. 248-251

An Teanga Gaeilge

Ceisteanna (249)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

249. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta bhfuil sé mar riachtanas ag naíonraí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta go mbeidh tús áite ag páistí atá á dtógáil trí Ghaeilge, ó tharla gurb é sin an dea-chleachtas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34586/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tacaíonn Údarás na Gaeltachta leis an earnáil luathbhlianta sa Ghaeltacht trí dheontas reáchtála a sholáthar do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) a chuireann ar a gcumas tacú le bunú, forbairt agus reáchtáil seirbhísí luathoideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá breis agus 135 seirbhís luathbhlianta á gcur ar fáil ag CNNG fud fad na Gaeltachta. Sa bhreis air sin, cuireann an tÚdarás tacaíocht ar fáil do Mhuintearas Teo atá ag reáchtáil dhá sheirbhís luathbhlianta; naíolann na nOileán agus naíolann Ghaoth Dobhair.

Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar phríomhtheanga pobail na Gaeltachta an bunchuspóir atá le polasaithe agus gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta. Tá an tÚdarás tiomanta i dtreo fhorbairt earnáil na luathbhlianta le fada agus tá aitheanta ag an eagraíocht an ról fíor-thábhachtach atá ag soláthar seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht i dtodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Faigheann CNNG maoiniú bliantúil ó Údarás na Gaeltachta leis na seirbhísí bainistíochta agus riaracháin a chur ar fáil do na seirbhísí luathbhlianta Gaeltachta atá ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tá CNNG ag gníomhú i ngach ceantar Gaeltachta agus oibríonn an eagraíocht i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta le cinntiú go bhfuil seirbhísí luathbhlianta trí Ghaeilge ar fáil fud fad na Gaeltachta lena n-áirítear seirbhísí naíonraí, iar-naíonraí, creiseanna, clubanna bricfeasta, seirbhísí iomlána cúraim lae agus iarscoileanna. Le linn na scoilbhliana 2024/2025 bhí 2,214 páiste ag freastal ar 135 seirbhís luathbhlianta faoi scáth Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. I measc na bpríomhspriocanna atá ag an eagraíocht tá:

• Réimse leathan de sheirbhisí ardchaighdeáin, sábháilte agus ionchuimsitheacha a chur ar fáil san earnáil luathbhlianta sna ceantair Ghaeltachta go léir.

• Úsáid na Gaeilge, na hoidhreachta agus an chultúir a chur chun cinn, a neartú agus a shaibhriú trí oideachas agus cúram luathbhlianta a chur ar fáil.

Tá polasaí iontrála ag CNNG atá bunaithe ar chomhionannas, cuimsiú agus éagsúlacht ag tabhairt aois an pháiste agus an dáta a chláraítear an páiste sa tseirbhís don chéad uair san áireamh. Tá gach seirbhís atá á sholáthar ag CNNG déanta go huile agus go hiomlán trí mhéan na Gaeilge.

Maidir leis na seirbhísí a thagann faoi scáth Mhuintearas, tá polasaí iontrála agus polasaí Gaeilge i bhfeidhm iontu. Glactar le páistí ar bhonn ‘an chéad duine a thagann isteach’, tar éis don bhfoirm chlárúcháin a bheith comhlíonta. Cuirtear páistí ar liosta feithimh sa chás nach bhfuil spás sa tseirbhís. Is Gaeilge amháin a labhraítear sna seribhísí, ach cuirtear fáilte roimh gach páiste, is cuma cén cúlra teanga, cultúir nó aicme as a dtagann siad.

Departmental Funding

Ceisteanna (250)

Alan Kelly

Ceist:

250. Deputy Alan Kelly asked the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht if he will provide funding for the Silvermines playground if an application is received from Tipperary County Council for such funding. [34771/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

The CLÁR programme is one of a number of supports available to communities for the development of recreational facilities such as playgrounds. Measure 1 of the CLÁR programme is administered by the local authorities who review applications received locally and can select up to 15 projects for onward submission to my Department for consideration for funding each year. I understand that an application for Silvermines playground was submitted to Tipperary County Council for consideration under Measure 1 of the CLÁR 2025 programme but was not subsequently selected by Tipperary County Council for submission to my Department.

In the event that an application for this amenity is submitted in the future, it will be reviewed and assessed in the same manner as all applications under the programme.

Coláistí Samhraidh

Ceisteanna (251)

John Connolly

Ceist:

251. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cé mhéad dalta atá ag freastal ar na coláistí samhraidh sna Gaeltachtaí i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34773/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ní bheidh figiuirí ar fáil go dtí deireadh na bliana maidir le líon na scoláirí a d'fhreastal ar choláistí samhraidh i 2025.

Roinn