I propose to take Questions Nos. 8 to 12, inclusive, together.
Faoin Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006, tá freagracht reachtúil ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) don tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána. Níl baint agam féin ná ag mo chuid oifigigh leis an tseirbhís ag leibhéal oibríochtúil.
De bharr fhreagracht an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) sa chás seo, tá ceist an Teachta curtha faoi bhráid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre le haghaidh freagra díreach. Déan teagmháil le m'oifig le do thoil mura bhfaightear freagra laistigh de dheich lá.
Go dtí go bhfaighfear an freagra seo, b’fhéidir gur mhaith leis an Teachta a fháil amach go bhfuil 5 thástálaí ag an RSA a bhfuil na scileanna riachtanacha acu chun an tástáil tiomána a dhéanamh trí Ghaeilge agus go mbogann na tástálaithe seo idir ionaid chun freastal ar iarratais. Tá duine de na tástálaithe sin a bhfuil na scileanna riachtanacha acu lonnaithe in ionad tástála Phort Láirge.