Tá Scéim na gCúntóirí Teanga á mhaoiniú ag mo Roinn le blianta fada agus tá an scéim leathnaithe amach le roinnt blianta chuig Gaelscoileanna i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, i Limistéir Phleanála Teanga agus i Líonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Cé go n-oibríonn Cúntóirí Teanga i dtimpeallacht scoile, ní fostaithe de chuid na Roinne Oideachais ná de chuid mo Roinne iad. Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta deontais ar fáil do thrí eagras riartha chun an scéim a riar sna réigiúin éagsúla agus chun comhlíontacht maidir le dlíthe fostaíochta a chinntiú.
Tuigeann an Roinn an luach atá leis an obair thábhachtach a dhéanann timpeall is 120 cúntóir teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht i gcomhthéacs an phróisis pleanála teanga. Tá roinnt athruithe curtha i bhfeidhm ag an Roinn ar Scéim na gCúntóirí Teanga thar na mblianta chun coinníollacha oibre na gCúntóirí a fheabhsú.
Mar chuid d’athbhreithniú neamhspleách a rinneadh in 2020, rinneadh réimse moltaí maidir le téarmaí agus coinníollacha atá curtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas, lena n-áirítear:
• Foilsiú lámhleabhar do Chúntóirí Teanga chun cur síos a dhéanamh ar ról an Chúntóra agus na dualgais atá orthu;
• Fad na scéime a shíneadh ó 26 seachtain go 32 seachtain i mbunscoileanna agus ó 26 seachtain go 31 seachtain in iarbhunscoileanna;
• Deontais a bhronnadh ar eagrais riartha thar tréimhse 3 bliana seachas ar bhonn bliana chun cinnteacht poist níos fearr a chruthú do na cúntóirí;
• Arduithe Pá – Ardaíodh ráta pá san uair na gCúntóirí ó €21.20 sa scoilbhliain 21/22 go €23.20 sa scoilbhliain 22/23 agus arís le déanaí go €25.52 don scoilbhliain 2025/26 (sin ardú 20% thar tréimhse 4 bliana).
Táthar ag obair ar chomhaontú nua a aontú don chéad 3 bliana eile faoi láthair agus rachfar i gcomhairle leis na heagrais sin maidir le bealaí chun an scéim a threisiú agus a fhorbairt mar chuid den phlé sin.