I propose to take Questions Nos. 675, 676, 677 and 678 together.
Is é an sprioc atá leis an bPróiseas Pleanála Teanga an Ghaeilge a láidriú mar theanga phobail. Déantar é seo trí phleananna teanga a fheidhmiú i limistéir aitheanta a chuirfidh le húsáid na Gaeilge i réimsí áirithe sa phobal – mar shampla sa teaghlach, i measc na hóige, sa chóras oideachais, san earnáil ghnó agus san earnáil phoiblí. Cuirtear tacaíocht ar fáil do na pobail leis na pleananna sin a chur i bhfeidhm agus fostaítear Oifigigh Pleanála Teanga (OPT) le tabhairt faoin obair sin.
Ceadaítear maoiniú ar bhonn bliantúil do 29 ceanneagraíochta pleanála teanga leis na pleananna teanga atá faofa do 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) a fheidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta. Mar chuid den mhaoiniú sin, ceadaítear do na ceanneagraíochtaí OPT amháin nó beirt i gcásanna áirithe a fhostú. Faoi láthair, tá ceadanna in áit le 35 OPT a fhostú sna 26 LPT agus 2 BSG.
Tá sonraí sna tábla thíos maidir leis na folúntais atá ann faoi láthair. Beidh na sonraí maidir le tréimhse fostaíochta na n-Oifigeach Pleanála Teanga le lorg ó na ceanneagraíochtí a fhostaíonn iad. Seolfar ar aghaidh na sonraí seo chuig an Teachta agus iad faighte, ach taobh istigh den amscála atá leagtha síos faoi Bhuan Ordaithe Thithe an Oireachtaais.
[<ahref="https:/data.oireachtas.ie[<ahref="https:/data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/debates/questions/supportingDocumentation/2025-11-20_pq675-20-11-2025_en.docx">PQanswer</a>]
Tá ról lárnach ag na hOifigigh Pleanála Teanga sa bpróiseas pleanála teanga. Tá na hOifigigh Pleanála Teanga fostaithe ag na ceanneagraíochtaí éagsúla ní amháin in Limistéir Pleanála Teanga ach i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge araon. Is iad an tOifigeach Pleanála Teanga atá freagrach as cur i bhfeidhm bearta an phlean teanga faoina gcúrám. Cuireann siad an Ghaeilge chun cinn, eagraíonn siad imeachtaí cultúrtha, cuireann siad acmhainní agus tacaíochtaí ar fáil d'fhoghlaimeoirí agus bíonn siad rannpháirteach leis an bpobal agus eagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag obair sna Limistéir Pleanála Teanga.
Bíonn na hOifigigh Pleanála Teanga ag comhoibriú le struchtúir pobail a bhfuil ról lárnach acu i gcaomhnú agus i neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht, struchtúir ar nós Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Teo., na n-ionad cúraim leanaí, Mhuintearas Teo., Ealaín na Gaeltachta Teo, eagraíochtaí forbartha pobail, coistí agus cumainn dheonacha.
Ag féachaint chun cinn ar an dara timthriall de phleananna teanga, tá ullmhúchán ar bun ag súil is gur féidir na dea-chleachtais uile atá léirithe ag an bpobal agus ag na coistí pleanála teanga sna seacht mbliana atá caite a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go praiticiúil sa timthriall le teacht.
Tá i gceist go mbeidh na pleananna atá in éag cheana féin nó a bheidh ag dul in éag idir seo agus deireadh 2025 bailí go deireadh na bliana 2027 nó go dtí go n-aontófar plean nua, cíbé acu a luaithe. Beidh aon phlean a théann in éag tar éis 31 Nollaig 2025 ansin bailí go ceann dhá bhliana tar éis dó dul in éag nó go dtí go n-aontófar plean nua, cíbé acu a luaithe.