Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na Meáin Chumarsáide

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 November 2025

Tuesday, 25 November 2025

Ceisteanna (481)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

481. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt an bhfuil ról ar bith aige faoin Acht um Rialáil Cearrbhachais, 2024 maidir le cinneadh a dhéanamh nó aird Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann a tharraingt ar chrannchuir sheachtainiúla a bhfuil duaischistí a bhfuil níos mó ná €200,000 iontu atá á reáchtáil ag grúpa stáisiún raidió tráchtála; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [65706/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a rá leis an Teachta nach bhfuil ról dá leithéid agam faoin Acht atá luaite sa cheist.

Roinn