Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 4 December 2025

Thursday, 4 December 2025

Ceisteanna (47)

Mairéad Farrell

Ceist:

47. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige daoine a fhostú i nGaeltacht Chonamara faoin gClár um Chumhachtú Pobal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68518/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an Clár um Chumasú Pobal (ECP) á mhaoiniú ag mo Roinn óna bhunú in 2022, agus ar dtús bhí maoiniú á thabhairt i gcomhair 14 thionscadal. Faoi láthair, tá 17 dtionscadal ag fáil tacaíochta faoin chlár.

Is é atá mar aidhm leis an gclár, le tacaíocht ón gCoiste ábhartha um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) agus ón Chuideachta Forbartha Áitiúla (LDC) ábhartha, ná feabhas a chur ar rochtain pobal ar sheirbhísí tábhachtacha agus cumas a thabhairt do phobail áitiúla a bhfreagraí féin a fhorbairt ar bhochtanas ina gceantair, ar eisiamh sóisialta agus na hiarmhairtí a bhaineann leo sin.

Mar chuid den chlár seo, tugtar tacaíocht don chuideachta forbartha áitiúla chun Oibrí Rannpháirtíochta Pobail a fhostú in gach ceann de na ceantair a roghnaítear, chun caidreamh a fhorbairt agus a éascú idir gheallsealbhóirí pobail, grúpaí pobail, agus gníomhaireachtaí agus struchtúir reachtúla.

Téann na hOibrithe Rannpháirtíochta Pobail i mbun oibre leis an bpobal lena bhfuiltear ag tacú, agus neartaíonn siad luachanna agus prionsabail forbartha pobail. Tacaíonn siad leis an bpobal chun freagracht a ghlacadh as na ceisteanna is mó tábhachta dóibh, chun dul i ngleic leis na ceisteanna sin, agus chun athrú dearfach a éascú agus a chruthú.

Roghnaítear ceantair i gcomhair maoinithe faoin ECP a bhfuil míbhuntáiste suntasach á fhulaingt acu, agus sainaithnítear iad trí innéacs díothachta Pobal HP.

D’fhostaigh mo Roinn sainchomhairleoir seachtrach chun tabhairt faoi mheasúnú ar thionchar an ECP agus tá an tuairisc dheiridh le bheith istigh go luath in 2026. Déanfar cinneadh ar bith faoi leathnú an ECP bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe, faoi réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil.

Mholfainn d’éinne atá ag lorg maoinithe suíomh gréasáin mo Roinne www.gov.ie/drcdg a sheiceáil, agus teagmháil a dhéanamh lena gCoistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil, a gCuideachtaí Forbartha Áitiúla, agus a Líonraí Rannpháirtíochta Pobail, le cinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi dheiseanna maoinithe ábhartha de réir mar a chuirtear ar fáil iad.

Roinn