Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 4 December 2025

Thursday, 4 December 2025

Ceisteanna (60)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

60. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige go mbeidh Bille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 achtaithe in am ionas go mbeidh na toghcháin eagraithe ar an dáta céanna leis an bhfo-thoghchán atá beartaithe do Gaillimh Thiar; agus an bhfuil sé i gceist aige cúramaí maidir le cúrsaí tithíochta a chur isteach sa Bhille ag Céim na Tuarascála. [68526/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba mhaith liom na Ceisteanna Dála 27 agus 54 a thógáil le chéile.

Chríochnaigh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, Céim an Choiste i nDáil Éireann níos túisce i mbliana. Tógfar an Bille ag Céim na Tuarascála in am trátha. Leanfar leis an mbille a chur tríd an bpróiseas reachtach agus na leasuithe a bhí luaite agam ag Céim an Choiste a thabhairt chun cinn.

Beidh mé ag coinneáil deiseanna féideartha le haghaidh toghchán a reáchtáil faoi athbhreithniú, ag brath ar an dul chun cinn leis an mBille a thabhairt tríd an Oireachtas.

Tá obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le fóstaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus ní bheadh sé cuí aon rud a dhéanamh a laghdódh an bhéim atá ag an eagraíocht ar chomhlíonadh an róil sin. Dá bharr seo, níl i gceist agam aon fhorálacha breise seachas an méid atá sa Bhille cheana féin maidir le cúrsaí tithíochta a chur san áireamh sa Bhille agus é ag dul tríd an Oireachtas.

Roinn