Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 December 2025

Tuesday, 16 December 2025

Ceisteanna (1179, 1180)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

1179. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil comhairle dlí iarrtha aige nó ag a Roinn maidir leis an gcumhacht atá ag Údarás na Gaeltachta, faoi Acht na Gaeltachta, 2012, faoina bhféadfaí suíomhanna talún atá i bpunann mhaoine Údarás na Gaeltachta a úsáid ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus, má tá chomhairle dlí faighte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [71574/25]

Amharc ar fhreagra

Conor D McGuinness

Ceist:

1180. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil comhairle dlí iarrtha aige nó ag a Roinn maidir leis an gcumhacht atá ag Údarás na Gaeltachta, faoi Acht na Gaeltachta, 2012, faoina bhféadfaí suíomhanna talún atá ag Údarás na Gaeltachta a úsáid ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus, má tá comhairle dlí faighte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [71577/25]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 1179 agus 1180 le chéile.

Ba mhaith liom ceisteanna 71577/25 agus 71574/25 a thógáil le chéile. Mar pholasaí ginearálta, ní chuireann mo Roinn comhairle dlí atá faighte aice amach sa bhfearann poiblí.Chríochnaigh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 Céim an Choiste i nDáil Éireann níos túisce i mbliana. Cé gurb é athbhunú toghcháin chuig bord an Údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar títhíochta sa Ghaeltacht ann, déanfar leasú sa Bhille ar Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, chun cead a thabhairt don Údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcéanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Question No. 1180 answered with Question No. 1179.
Roinn