Tá maoiniú ar fáil faoin gclár Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge de chuid mo Roinne chun ionaid teanga agus cultúir a fhorbairt lasmuigh den Ghaeltacht. Is é cuspóir an chúnaimh chaipitil a chuirtear ar fáil faoin scéim seo an Gaeilge a neartú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Gaeilge 2010-2030. Tá an ciste seo dírithe ar fhoirgnimh a thógáil agus a athchóiriú lena n-úsáid mar ionaid Gaeilge, lena náirítear naíonraí agus seirbhísí iarscoile agus tá maoiniú ar fáil freisin chun trealamh a cheannach do na hionaid sin. Glactar le hiarratais ó coistí agus eagraíochtaí pobail agus is féidir maoiniú suas le 95% a fháil do sheirbhísí réamhscoile pobalbhunaithe atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Is féidir costais chaipitil chomh maith le costais ghairmiúla (i.e. comhairle innealtóireachta/ailtireachta), a áireamh sna deontais seo. Is féidir an fhoirm iarratais ina sonraítear na príomh chritéir mheasúnaithe agus coinníollacha na scéime a fháil ar shuíomh gréasáin mo Roinne, ag an nasc seo www.gov.ie/ga/an-roinn-forbartha-tuaithe-agus-pobail-agus-gaeltachta/foilseachain/sc%C3%A9imeanna-taca%C3%ADochta-gaeilge/ Moltar dóibh siúd atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis an rannóg cuí i mo Roinn chun maoiniú féideartha a phlé sula gcuirtear aon iarratas foirmiúil isteach. Tá cóip den fhoirm iarratais, lena náirítear sonraí teagmhála na Rannóige cuí, iniata mar áis. [<ahref="https:/data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/debates/questions/supportingDocumentation/2026-01-28_pq-1177-28-01-2026_en.docx ">PQanswer</a>]