Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 February 2026

Thursday, 5 February 2026

Ceisteanna (25)

Barry Heneghan

Ceist:

25. D'fhiafraigh Deputy Barry Heneghan den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé sásta an maoiniú cuí a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun rannóg tithíochta a chur ar bun san Údarás le comhordú a dhéanamh ar straitéis chun dul i ngleic leis an éigeandáil tithíochta Gaeltachta, comhordú a dhéanamh ar thógáil tithíochta ag na húdaráis áitiúla agus ag na comhlachtaí tithíochta ceadaithe agus pleanáil go straitéiseach don líon tithe breise atá ag teastáil chun inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú. [8725/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níor mhiste a nótáil go mbaineann saincheisteanna tithíochta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus níl aon ról ag mo Roinne i mbeartas tithíochta.

Tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 ag Céim na Tuarascála faoi láthair. Cé gurb é athbhunú toghcháin chuig bord an Údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar títhíochta sa Ghaeltacht ann, déanfar leasú sa Bhille ar Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, chun cead a thabhairt don Údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcéanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Tá obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le fóstaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus ní bheadh sé cuí aon rud a dhéanamh a laghdódh an bhéim atá ag an eagraíocht ar chomhlíonadh an róil sin.

É sin ráite, is saincheist an-tábhachtach domsa mar Aire í tithíocht sa Ghaeltacht agus bhí roinnt chruinnithe agam leis an Aire Tithíochta, James Browne TD, chun é seo a phlé. I bPlean Tithíochta an Rialtais, tá a bhfuil geallta don Ghaeltacht soiléir; tá sé geallta go bhfoilseofar Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 agus go n-oibreoidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla chun na féidearthachtaí a bhaineann le suíomhanna seirbhísithe a bheadh feiliúnach do thithíocht a fhiosrú, anuas ar na scéimeanna tacaíochta náisiúnta tithíochta atá ar fáil don phobal i gcoitinne.

Roinn