Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Soláthar Tithíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 February 2026

Thursday, 5 February 2026

Ceisteanna (40)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

40. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén freagra atá aige ar an litir curtha isteach chuige ag grúpa agóide thar cheann BÁNÚ ar an Luan 26ú Eanáir 2026 ag oifigí na Roinne sna Forbacha. [8766/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Maidir leis an gcomhfhreagras ón grúpa BÁNÚ le déanaí ba mhaith liom an deis a thapú chun soiléiriú a sholáthar ar cheisteanna a bhí ardaithe ann.

D’éirigh liom allúntas de €159 milliún a fháil don Ghaeltacht, don Gaeilge agus do na hOileáin i mBuiséad 2026, rud a léiríonn méadú 29% (ó €123 milliún go €159 milliún do 2026) ar an allúntas seo, an méadú is mó le blianta fada do na réimsí seo.

Cuireadh allúntas ar luach €41.157m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta do 2026. Mhéadaigh maoiniú Údarás na Gaeltachta faoi €2.5 milliún do 2026. San áireamh anseo, bhí €1.5m breise i maoiniú reatha agus €1m breise le haghaidh infheistíochta caipitil, rud a chuirfidh ar a chumas tacú tuilleadh le forbairt eacnamaíoch, teangeolaíoch, cultúrtha agus pobail sa Ghaeltacht. B'ionann leithdháileadh caipitil an Údaráis in 2019 agus €8.5m le hais an beagnach €16.204m atá ar fáil don eagraíocht i mbliana.

Chríochnaigh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 Céim an Choiste i nDáil Éireann anuraidh agus tá sé san áireamh i gClár Reachtaíochta an Rialtais d‘Earrach 2026 le bheith tógtha ag Céim na Tuarascála. Cé gurb é athbhunú toghcháin chuig bord an Údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar títhíochta sa Ghaeltacht ann, déanfar leasú sa Bhille ar Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, chun cead a thabhairt don Údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcéanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht. Tá obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le fóstaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus ní bheadh sé cuí aon rud a dhéanamh a laghdódh an bhéim atá ag an eagraíocht ar chomhlíonadh an róil sin.

Beidh deiseanna féideartha le haghaidh toghchán a reáchtáil á choiméad faoi athbhreithniú agam, ag brath ar an dul chun cinn leis an mBille a thabhairt tríd an Oireachtas.

Ó cuireadh scéimeanna mo Roinne faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta) ar athló, tá roinnt scéimeanna nua curtha ar bun ag an Rialtas a bhfuil deontais níos airde ar fáil fúthu ná na deontais a bhí ar fáil faoi scéimeanna Achtanna na dTithe. Ar an mbunús seo, níl i gceist agam na scéimeanna deontais a bhí ann faoi Achtanna na dTithe a thabhairt ar ais.

Níor mhiste a nótáil go mbaineann saincheisteanna tithíochta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus níl aon ról ag mo Roinne i mbeartas tithíochta.

É sin ráite, is saincheist an-tábhachtach domsa mar Aire í tithíocht sa Ghaeltacht agus bhí roinnt chruinnithe agam leis an Aire Tithíochta, James Browne TD, chun é seo a phlé. I bPlean Tithíochta an Rialtais, tá a bhfuil geallta don Ghaeltacht soiléir; tá sé geallta go bhfoilseofar Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 agus go n-oibreoidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla chun na féidearthachtaí a bhaineann le suíomhanna seirbhísithe a bheadh feiliúnach do thithíocht a fhiosrú, anuas ar na scéimeanna tacaíochta náisiúnta tithíochta atá ar fáil don phobal i gcoitinne.

Question No. 41 answered with Question No. 27.
Roinn