Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 February 2026

Thursday, 12 February 2026

Ceisteanna (176)

John Connolly

Ceist:

176. D'fhiafraigh Deputy John Connolly den Minister for Education and Youth an féidir lena Roinn tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun níos mó scoileanna a spreagadh le páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10903/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus í a chur chun cinn trí sholáthar oideachais lán-Ghaeilge a neartú i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Bunaíodh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta in 2017 chun tacú leis an sprioc seo.

Sa scéim, leagtar amach critéir theangabhunaithe don aitheantas mar Scoil Ghaeltachta, agus cuirtear tacaíochtaí ar fáil do scoileanna chun na critéir sin a chur i bhfeidhm. Áirítear leis na tacaíochtaí sin uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, deontas €1,200 in aghaidh na bliana chun acmhainní a cheannach, deiseanna foghlama gairmiúla agus tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus Oide, agus treoir agus comhairle ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus Óige. Tá tiomantas i gClár an Rialtais 2025 - Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú - leanúint ar aghaidh ag cur cúnamh ar fáil tríd an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.

Tugadh cuireadh do gach scoil a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht bheith páirteach sa scéim nuair a seoladh í ar dtús, trí imlitir a eisiúint, litir a sheoladh chuig gach scoil, agus trí theagmháil dhíreach ó Aonad um Oideachas Gaeltachta mo roinne. Chuir Cigireacht mo roinne agus COGG comhairle agus tacaíocht ar fáil do scoileanna, go háirithe agus plé agus cumarsáid á ndéanamh acu lena bpobail scoile faoin gcinneadh páirt a ghlacadh sa scéim.

Tá 159 scoil i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta agus tá 130 astu siúd páirteach sa scéim faoi láthair, lena n-áirítear scoil amháin a tháinig isteach sa scéim le linn na scoilbhliana 2024/25. Bronnadh aitheantas oifigiúil mar Scoileanna Gaeltachta ar scoileanna ag sraith imeachtaí réigiúnacha in 2024 i ndiaidh próiseas deimhnithe a chur an Chigireacht i gcrích. Tá scoil atá aitheanta mar Scoil Ghaeltachta tríd an scéim i ngach ceann de na 26 limistéar pleanála teanga trasna na tíre.

Roinn