Cuireann an Rialtas luach ar fhoireann na luathfhoghlama agus cúraim leanaí mar phríomhghné de sholáthar ardchaighdeáin agus tá sé ag obair chun dul i ngleic le dúshláin earcaíochta agus coinneála, atá nasctha le pá agus coinníollacha oibre.
Cé gurb é an Rialtas príomh-mhaoinitheoir na hearnála, ní hé an fostóir é agus ní féidir leis an Roinn leibhéil phá ná coinníollacha oibre a shocrú go díreach.
Is é an Comhchoiste Saothair an sásra foirmiúil trínar féidir le hionadaithe fostóirí agus fostaithe idirbheartaíocht a dhéanamh ar rátaí íosphá, a leagtar amach in Orduithe Rialála Fostaíochta, agus tá sé neamhspleách ina fheidhmeanna.
Tháinig an Orduithe Rialála Fostaíochta is deanaí i bhfeidhm i mí Deireadh Fómhair 2025, feictear mhéadú ar rátaí íosphá de thart ar 10% ar an meán agus méadóidh sé pá do níos mó ná 67% d’fhoireann sa earnáil.
Tacaíonn an Rialtas le torthaí phróiseas an Comhchoiste Saothair trí Bunmhaoiniú. Sa bhliain chláir 2025/26, méadaíodh an Bunmhaoiniú faoi 6% go dtí thart ar €350 milliún, agus cuireadh €45 milliún breise de Bunmhaoiniú fáinne-scartha ar fáil chun tacú le seirbhísí costais mhéadaithe na n-íosrátaí pá san earnáil a chomhlíonadh.
I gcomhréir leis an gClár Rialtais agus an tiomantas leanúint de thacaíocht a thabhairt d’Orduithe Rialála Fostaíochta, d’fhógair mé le déanaí, mar chuid de sheoladh An Todhchaí a Mhúnlú: Plean Gníomhaíochta Luathbhlianta i mí na Nollag, leithdháileadh breise suas le €15 milliún de mhaoiniú fáinne-scartha ó Mheán Fómhair 2026, a sroicheann suas le €45 milliún don bhliain chláir iomlán, chun tacú le sholáthraítí seirbhíse leis na costais a bhaineann le méaduithe féideartha ar rátaí íosphá a socraíodh trí idirbheartaíocht tríd an bpróiseas neamhspleách den Comhchoiste Saothair.
I mí na Nollag 2023, bunaíodh Foghrúpa d’Fhóram Páirtithe Leasmhara na Luathfhoghlama agus an Chúraim Leanaí chun dul i ngleic le dúshláin earcaíochta agus coinneála. Tá tionscnaimh curtha chun cinn ag an ngrúpa, lena n-áirítear:
• Próiseas meara do mhic léinn chun staidéir a aithint le haghaidh oibre lasmuigh den téarma.
• Conairí measúnaithe do dhaoine aonair a bhfuil cáilíochtaí neamhchríochnaithe acu.
• Iarracht chomhordaithe chun gairmeacha san earnáil a chur chun cinn.
Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta (RFTPG) freagracht as an Ghaeilge. Tugann RFTPG tacaíocht sa bhreis do sheirbhisí Foghlaim agus Cúram na Luath- Óige trí mhéan na Gaeilge sa Ghaeltachta tríd a gníomhaireachtaí agus a heagraíochtaí.
I Meitheamh 2024, d’fhógair an RFTPG maoiniú cúig bliana chun seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus forbairtí do naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht, le riaradh ag Gaeloideachas.
Thug an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais maoiniú do Ghaeloideachas in 2025 agus 2026 chun tacaíocht a thabhairt do seirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige trí mhéan na Gaeilge.
Ag teacht leis na gealltanais a tugadh sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge, tá mo Roinn ag obair i gcomhar le Ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha eile chun plean cuimsitheach a fhorbairt chun forbairt sholáthar na Gaeilge san earnáil ELC agus SAC a chur chun cinn.
Meastar go dtacaíodh an pléann náisiúnta le cur chun feidhme dhá ghealltanas Na Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh: ‘‘Bearta a thabairt isteach leana chinntiú go mbeidh rochtain ag leanaí i gceantair Ghaeltachta i soláthar Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige lán- Ghaeilge’’ agus ‘‘Meicníochtaí a fhorbairt chun tacaíocht Gaeilge a chur ar fáil do sholáthar Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige in áiteanna a bhfuil céatadán ard leanaí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge’’
Meastar freisin go dtacóidh an plean le seachadadh gealltanas sa Chlár Rialtais: ‘‘Tacú le Naíonraí agus le creis chun rochtain ar luathoideachas a chinntiú i bpobail Ghaeltachta agus níos faide’’ agus ‘‘Pleanáil a dhéanamh ar fhorbairt áiseanna faoi cheannas an Stáit i gcomhar le clár tógála na scoileanna, naíonraí lán- Ghaeilge san áireamh’’.