Aithníonn mo Roinn na dúshláin chomh maith leis an gcumas claochlaitheach a bhaineann le hintleacht shaorga. Aithním na dúshláin shuntasacha atá roimh earnálacha áirithe, lena n-áirítear earnáil an cheoil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm dlí an chóipchirt.
Tá cur chuige reachtaíochta na hÉireann i leith na hintleachta saorga, cóipchirt agus rialála dhigiteach i gcoitinne, dlúthcheangailte le forbairt beartais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, tá mo Roinn gníomhach i bplé ar leibhéal an AE sa réimse seo.
De réir Airteagal 53 den Ghíomh um Intleacht Shaorga (Rialachán 2024/1689/AE) is gá do sheirbhísí IS ilchuspóireach a chuirtear ar fáil san AE a léiriú go bhfuil siad ag comhlíonadh dlithe chóipchirt an AE, go háirithe Airteagal 4(3) sa Treoir Cóipchirt sa Mhargadh Aonair Digiteach (2019/790/AE), 'sé sin an eisceacht maidir le Mianadóireacht Téacs agus Sonraí (TDM). I gcásanna nach bhfuil úsáid a bhaintear as ábhar oiliúna cuimsithe ag na heisceachtaí TDM, tá ceadúnas ó shealbhóirí cirt de dhíth.
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Cód Cleachtais Intleachta Saorga Ilchuspóireach le cuidiú leis an earnáil IS oibleagáidí dlíthiúla an Ghnímh um an Intleacht Shaorga maidir le sábháilteacht, trédhearcacht agus cóipcheart samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chomhlíonadh. Ina theanta sin, caithfidh soláthraithe an ‘Teimpléad don Achoimhre Phoibhí ar Ábhar Oiliúna le haghaidh samhlacha ilchuspóireacha’ a líonadh agus príomhbhailiúcháin sonraí a liostú agus míniú a thabhairt ann ar fhoinsí eile a úsáideadh le samhlacha a oiliúint.
Cuirfidh Oifig Intleacht Shaorga an Choimisiúin Eorpaigh na forálacha seo den Acht i bhfeidhm ó Mhí Lúnasa 2026 ar aghaidh.
Ó Mhí Lúnasa na bliana seo ar aghaidh chomh maith, de réir Airteagal 50 den Ghníomh IS beidh soláthraithe freagrach as rian digiteach a chur ar ábhar a ghintear le hIntleacht Shaorga chun a chinntiú go bhfuil sé soiléir gur ábhar den sórt sin é, rud atá tábhachtach le hábhair bréagach a aithint.
Tá an Coimisiún Eorpach ag cur chun coinn roinnt tionscnamh faoi láthair chun iarracht a dhéanamh rogha an diúltaithe maidir leis an eisceacht TDM a fheabhsú.
Ina theannta sin, tá athbhreithniú ar Threoir Cóipchirt sa Mhargadh Aonair Digiteach (2019/790/EU) ar siúl faoi láthair ag an gCoimisiún Eorpach, ina measc na heisceachtaí cóipchirt TDM. Áireofar comhairliúchán leis na geallsealbhóirí ábhartha in Éirinn mar chuid den athbhreithniú ar an Treoir. Tá an próiseas seo le tosú go luath. Táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe faoi Mhí Iúil na bliana seo, agus go mbeidh an toradh ina phríomhábhar plé le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE.
Tá an Roinn seo tiomanta a chinntiú go bhforbraítear agus go n-úsáidtear teicneolaíochtaí Intleachta Saorga ar bhealach atá eiticiúil, trédhearcach, agus ailínithe le reachtaíocht náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta araon.