Tá mo roinn ag obair le hIontaobhas Scoileanna Éamainn Rís (ERST) chun a chinntiú go n-éireoidh leis an scoil aistriú go Gaelcholáiste comhoideachais de réir a chéile. Beidh an chéad chéim den aistriú sin, a mbeidh iontógáil an 1ú Bliain amháin i gceist leis, ar siúl i mí Mheán Fómhair 2026.
Áiríodh leis an obair seo cumarsáid agus cruinnithe rialta idir na páirtithe ábhartha a bhfuil baint acu leis an aistriú go Gaelcholáiste agus le mo roinn. I measc na bpáirtithe seo tá ERST, cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, Príomhoide SBC Shráid Synge agus an Príomhoide Tánaisteach nuacheaptha go dtí an Gaelcholáiste.
Maidir le riachtanais chóiríochta na scoile, tá oifigigh ó mo roinn tar éis cuairt a thabhairt ar an scoil agus tá measúnú déanta acu ar riachtanais láithreacha na scoile. Tá Bainisteoir Tionscadail ceaptha chun maoirseacht a dhéanamh ar na riachtanais chóiríochta seo agus tá tuarascáil á hullmhú lena hathbhreithniú ag an roinn. Tá sé beartaithe na riachtanais chóiríochta seo a chur chun cinn a luaithe is féidir, agus beidh an obair riachtanach críochnaithe in am don Ghaelcholáiste a chéad scoláirí a ghlacadh i Meán Fómhair 2026.
Mar ullmhúchán d’aistriú na scoile go dtí Gaelcholáiste, tá roinnt d’fhoireann teagaisc na scoile ag cur le scileanna agus tá múinteoirí Gaeilge á n-earcú. Tá ionadaithe ó COGG agus Oide i dteagmháil leis an scoil ar bhonn leanúnach chun tacaíocht agus uasoiliúint a chur ar fáil. Tá an dá cheann acu ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne ar spéis leo fanacht sa scoil agus múineadh trí mheán na Gaeilge.