Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cásanna Dlí Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 4 March 2026

Wednesday, 4 March 2026

Ceisteanna (183)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

183. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén uair a bhéas an reachtaíocht foilsithe a dhéanas deileáil leis an lacuna maidir ballóid i leith athrú sráidainmeacha nó a leithéad a cothaíodh nuair a déanadh aisghairm ar forálacha san Acht Rialtas Áitiúil 1946; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17715/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Foráiltear i gCuid 18 d’Acht Rialtais Áitiúil, 2001, arna leasú, d’athrú logainmneacha ag údaráis áitiúla. Is feidhmeanna forchoimeádta de chuid na gcomhaltaí tofa iad glacadh le togra chun logainm a athrú, breithniú a dhéanamh ar aighneachtaí i ndáil le togra den sórt sin agus an cinneadh ballóid de thoghthóirí cáilithe a reáchtáil.

Foráiltear i gCuid 18 gur féidir Rialacháin a dhéanamh maidir le pobalbhreitheanna a reáchtáil chun logainmneacha a athrú. Sula bhféadfaí Rialacháin a dhéanamh, áfach, sainaithníodh saincheisteanna maidir leis an idirghníomhaíocht idir Cuid 18 leasaithe den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, agus forálacha atá i reachtaíocht na dTeangacha Oifigiúla.

Táthar ag súil go mbeidh gá le reachtaíocht phríomha chun réiteach a fháil ar na castachtaí reachtaíochta atá ann idir na hAchtanna Rialtais Áitiúil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla. Déanfaidh mo Roinn an cheist a bhreithniú tuilleadh i gcomhairle leis na hoifigigh ábhartha ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Tá roinnt cinntí beartais ann a chaithfear a thabhairt chun críche idir an dá Roinn, agus a chaithfidh an Rialtas a bhreithniú, go háirithe maidir le ról na Comhairle agus ról an Aire le freagracht as Acht na dTeangacha Oifigiúla agus as an gCoimisiún Logainmneacha.

Leanfar leis an obair leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ar réiteach cheist na logainmneacha, d’fhonn beartas athbhreithnithe a chomhaontú agus aon athrú reachtaíochta riachtanach a shainaithint. Is ábhar casta é seo a gcaithfear machnamh cúramach a dhéanamh air.

Roinn