Is é croíshainchúram FSS seirbhísí cúraim sláinte poiblí a sholáthar agus an bonneagar is gá chun na seirbhísí sin a chur ar fáil.
Déanann FSS bainistiú gníomhach ar eastát náisiúnta na sláinte, lena n-áirítear diúscairt na réadmhaoine sin a shainaithnítear mar shócmhainní barrachais.
Tá eastát náisiúnta na sláinte éagsúil agus casta, ó ionaid bheaga sláinte i gceantair thuaithe go hospidéil ghéarmhíochaine an-mhóra. Tá éagsúlacht mhór aoise sna foirgnimh seo, ó fhoirgnimh a tógadh roimh an 18ú haois go saoráidí nua-aimseartha a tógadh go sainchuspóireach.
Comhlíonann FSS a oibleagáidí reachtúla agus ceanglaítear air sócmhainní barrachais a thairiscint ar dtús don Ghníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) agus ina dhiaidh sin do pháirtithe leasmhara Stáit eile (lena n-áirítear údaráis áitiúla) faoi Chiorcláin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe 11/15 Prótacail maidir le hAistriú agus Comhroinnt Sócmhainní Maoine Stáit agus 17/16 Beartas maidir le Fáil ar Mhaoin agus maidir le Diúscairt Maoine Barrachais.
Ní mór do FSS an próiseas oifigiúil a leanúint maidir le diúscairt réadmhaoine ag comhlachtaí agus ag gníomhaireachtaí Stáit. Nuair a fhágtar réadmhaoin de chuid FSS folamh ag seirbhís, is gá a chinneadh an bhfuil sí barrachas ar riachtanais agus cinneadh a dhéanamh an gcoinneofar an réadmhaoin laistigh d’eastát cúram sláinte. Má tá an réadmhaoin le diúscairt, leagtar amach ordlathas an phróisis mar seo a leanas:
• An réadmhaoin a thairiscint don GFT trí fhógra i scríbhinn.
• Mura roghnaíonn an GFT an réadmhaoin a ghlacadh, faoi Chiorcláin RCPA 11/2015 agus 17/2016 ní mór do FSS ansin an réadmhaoin a thairiscint do pháirtithe leasmhara Stáit eile trí Chlár Maoine an Stáit.
• Mura nglacann aon pháirtí leasmhar Stáit eile leis an réadmhaoin, cuirfidh FSS an réadmhaoin ar díol ar an margadh oscailte ansin.
Má chinntear go bhfuil réadmhaoin faoi úinéireacht FSS ina barrachas ar riachtanais chúram sláinte poiblí, déanfar í a dhiúscairt de réir an phróisis thuas.
Ba cheart fiosruithe maidir le tógáil tithíochta ag Comhlachtaí Stáit, lena n-áirítear tithíocht d’oibrithe riachtanacha, a chur chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar an gcéad dul síos.
Ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta go leanfaidh mo Roinn agus FSS de bheith ag obair le príomhpháirtithe leasmhara chun an úsáid is oiriúnaí agus is inbhuanaithe a chinneadh d’ithreacha faoi úinéireacht FSS, agus tosaíochtaí cúraim sláinte poiblí agus cuspóirí Housing for All á gcothromú.