Tá ról suntasach ag Bailte Seirbhíse Gaeltachta maidir le seirbhísí poiblí agus áiseanna áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar don phobal sna limistéir pleanála teanga a bhfreastalaíonn siad orthu. Mar thoradh air sin, tá tionchar suntasach agus dearfach ag na bailte seo ar stádas na Gaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta.
Mar thoradh ar an bpróisis chomhairliúcháin a reáchtáladh in 2014, aithníodh 16 baile mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta féideartha ag brath ar cheanneagraíocht a bheith ceaptha agus pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail áitiúla de réir na gcritéir pleanála teanga atá leagtha síos faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Tar éis dóibh a bheith ceaptha, tugtar tréimhse dhá bhliain do gach ceanneagraíocht chun plean a ullmhú le cur faoi bhráid an Aire lena fhaomhadh.
As na 16 Baile Seirbhíse Gaeltachta sin, tá 10 bplean teanga faofa go dtí seo, agus á gcur i bhfeidhm sna bailte atá i gceist. Tá pleananna teanga faofa ag na bailte seo a leanas agus tá siad aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta:
• Leitir Ceanainn
• Daingean Uí Chúis
• Cathair na Gaillimhe
• An Clochán Liath
• Trá Lí
• Caisleán an Bharraigh
• Dún Garbhán
• Cathair Saidhbhín
• An Clochán
• Baile an Róba
Tá tús curtha leis an bpróiseas chun pleananna a ullmhú maidir le Béal an Mhuirthead agus Cathair Chorcaí.
I láthair na huaire tá ceanneagraíochtaí á lorg ag Foras na Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú do na bailte seo a leanas: Baile Dhún na nGall, Maigh Chromtha, Baile Átha Buí agus An Uaimh.
Leithdháiltear buiséad suas le €20,000 ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta chun pleananna a ullmhú agus cuirtear buiséad bliantúil €96,000 thar seacht mbliana ar fáil chun tacú lena gcur i bhfeidhm.