Aengus Ó Snodaigh
Ceist:229. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science an bhfuil sé ar an eolas faoin imní atá léirithe nach mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge anois ag Uachtarán, Meabhránaí ná Rúnaí Ollscoil na Gaillimhe nó ag an Déan Feidhmiúil atá freagrach as an nGaeilge san ollscoil ar a bhfuil dualgais ar leith maidir leis an nGaeilge agus freagracht as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; an aithníonn sé go bhfuil ísliú stádais tugtha don Ghaeilge san ollscoil le roinnt blianta anuas; agus an bhfuil sé i gceist aige aon ghníomh a ghlacadh chun stádas na Gaeilge a threisiú san ollscoil ar nós Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2017 a chur i bhfeidhm. [22075/26]
Amharc ar fhreagra