Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gaeltacht Policy

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 May 2026

Thursday, 21 May 2026

Ceisteanna (151)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

151. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an bhfuil sé ar an eolas faoin bhfeachtas chun an tseanscoil ar an Trá Bháin i gCeantar na nOileán a choimeád mar áis don phobal, an bhfuil a Roinn tar éis dul i mbun teagmhála leis an bhfeachtas sin, agus an bhfuil aon phlean ag a Roinn chun a chinntiú go gcoimeádfar an spás ríthábhachtach sin don phobal Gaeltachta, agus ráiteas a thabhairt ina leith sin. [38273/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mo Roinn ar an eolas go bhfuil imní léirithe ag pobal na Trá Báine maidir le todhchaí na seanscoile ar an mbaile sin. Níl aon teagmháil déanta ag an bpobal leis an Roinn faoin ábhar seo, áfach.

Tá deontais ceadaithe ag mo Roinn roimhe seo do Choiste Forbartha Seanscoil na Trá Báine le hathchóiriú a dhéanamh ar an tseanscoil. Ceadaíodh deontas de £29,000 sa bhliain 1998 do Choiste Seanscoil na Trá Báine mar chabhair chun an tseanscoil a athchóiriú le húsáid mar ionad pobail agus mar áis do na Coláistí Samhraidh ag an am. Sa bhliain 1999, ardaíodh an deontas sin ó £29,000 go dtí £38,000 chun spás oifige agus leithris a chur leis an bhfoirgneamh. Ceadaíodh deontas eile de €31,997 sa bhliain 2009 chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras teasa sa tseanscoil agus stór a thógáil in aice léi.

Cuirtear cúnamh caipitil ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid mo Roinne chun tacú le heagraíochtaí agus coistí pobail fud fad na Gaeltachta chun áiseanna pobail agus teanga a chur ar fáil nó a uasghrádú. Is féidir le coistí nó eagraíochtaí pobalbhunaithe, a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne. Tá critéir incháilithe agus coinníollacha bainteach leis an chlár agus tá eolas faoin gclár sin le fáil ar shuíomh mo Roinne. Tá an clár seo oscailted'iarratais don bhliain ar fad agus níl aon spriocdháta faoi leith ann chun iarratas a dhéanamh.

Ach iarratas a bheith faighte ó phobal na Trá Báine, déanfar é a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil do mo Roinn agus na n-éileamh éagsúla ar an soláthar sin.

Roinn