Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist seo a ardú. Baineann an cheist seo le halt 18E(b) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla a cheanglaíonn ar an Aire, le hordú, an dáta nó na dátaí a shonrú faoina gcuirfear gach seirbhís a sholáthraíonn comhlacht poiblí i limistéar pleanála teanga Gaeltachta, nó don limistéar sin, ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Mar atá luaite agam cheana maidir leis an gceist seo, is beart suntasach agus fairsing é, a bhfuil go leor le cur sa mheá faoi. Dá bhrí sin, tugadh faoi chomhairliúchán cuimsitheach agus fiúntach leis na comhlachtaí poiblí ábhartha chun na críche seo tríd an taighde don phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge, agus arís i ndiaidh fhoilsiú an phlean náisiúnta céanna. Bhí na próisis úd an-tábhachtach ar mhaithe leis an leibhéal is airde tuisceana agus feasachta maidir leis an bhforáil a chothú i measc na gcomhlachtaí poiblí, go háirithe dóibh siúd a bhfuil an leibhéal is airde idirghníomhaíochta acu leis an bpobal.
Is fiú a aithint freisin nach beart iomlán neamhspleách é seo atá le feidhmiú i bhfolús. Tá sé mar chuid den éiceachóras foriomlán a bhfuiltear ag iarraidh a fhorbairt faoin Acht. Chuige sin, beifear ag tacú lena cur i bhfeidhm tríd an obair atá ar bun faoin phlean náisiúnta agus, go deimhin, an plean gníomhaíochta trí bliana a foilsíodh níos luaithe i mbliana, mar aon leis na caighdeáin teanga agus forálacha eile an Achta i gcoitinne.
Táim muiníneach, mar thoradh ar an gcomhairliúchán breise seo agus ar an obair atá ar siúl ag mo Roinn idir an dá linn trí fhorbairt na struchtúr seo, go gcuirfear na tacaíochtaí cuí ar fáil do chomhlachtaí poiblí chun tabhairt faoi aon athruithe is gá sa spás seo. Bunaithe air seo, beidh mé ag leagan síos dáta nó dátaí réalaíocha agus insroichte a chothóidh muinín phobal na Gaeltachta in úsáid na seirbhísí poiblí sin trí Ghaeilge de réir a chéile, sa chás nach bhfuiltear á n-úsáid cheana féin.