Ar iarratas ó mo Roinn, d’eagraigh An Chartlann Náisiúnta - foras a thagann faoi scáth na Roinne - taispeántas den chéad scoth anuraidh, An Ghaeilge agus Daonáireamh na Gaeltachta 1925. Bhí an taispeántas le feiceáil i gceanncheathrú nua mo Roinne agus ag an gcomórtas treabhdóireachta, the ploughing championship, i mí Mheán Fómhair seo caite. Cuireadh béim sa taispeántas ar an nasc idir cúrsaí teanga, polasaí agus féiniúlachta ó bhlianta tosaigh an Stáit go dtí an lá atá inniu ann. Léiríodh, trí cháipéisí cartlainne, na hiarrachtaí chun an Ghaeilge a chosaint agus a athneartú, ag tosú le daonáireamh na Gaeltachta i 1925 agus obair Choimisiún na Gaeltachta.
Cé nach eol dom aon taispeántas eile in institiúidí náisiúnta cultúrtha i mbliana, tá mo Roinn ag tacú le tionscnamh Chomhairle Contae na Gaillimhe, Croí na Gaeltachta: Guthanna an Phobail, 1926. Déanfar iniúchadh mar chuid den tionscnamh seo ar thaithí shóisialta, cultúrtha agus stairiúil phobail Ghaeltachta Chonamara le linn bhlianta tosaigh an Stáit. Beidh clár cónaithe d'ealaíontóirí ann agus glacfaidh pobail áitiúla páirt i ngníomhaíochtaí ag tarraingt ar scéalta, nósanna áitiúla agus an teanga. Tá sé mar aidhm go gcruthófar saothar nua ealaíne a léireoidh teacht aniar, cruthaitheacht agus féiniúlacht na bpobal Gaeltachta.
I mí Dheireadh Fómhair, reáchtálfar clár mar chuid d'fhéile ealaíon-----