Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030 - Plean Gníomhaíochta maidir le Soláthar Tithíochta agus Díriú ar Easpa Dídine, leagtar amach rún an Rialtais Ráiteas Pleanála Náisiúnta a fhoilsiú sa chéad leath de 2027 maidir le tithíocht i gceantair Ghaeltachta. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta freisin an rún Ráiteas Pleanála Náisiúnta a fhoilsiú i leith tithíochta tuaithe sa dara leath de 2026.
Tá sé beartaithe ag an Rialtas aghaidh a thabhairt ar bheartas pleanála maidir le tithíocht tuaithe agus Ghaeltachta le chéile, i bhfianaise na bpríomh-idirghníomhaíochtaí idir tithíocht tuaithe i gcoitinne agus tithíocht i gceantair Ghaeltachta, agus tá sé ag breithniú faoi láthair conas is fearr is féidir é sin a bhaint amach.
Tá ról tábhachtach freisin don Roinn a bhaineann leis an mbeartas ábhartha i gcomhoibriú le mo Roinnse ar fhorbairt Ráiteas Pleanála Náisiúnta. Maidir leis seo, tá m’oifigigh i dteagmháil le hoifigigh ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) mar an Roinn beartais ábhartha don réimse seo.
Agus aird á tabhairt ar an ngá atá ann na nithe casta atá i gceist a bhreithniú agus a thuilleadh de rannpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, déanfar measúnú ar aon Dhréachtráiteas Pleanála Náisiúnta críochnaithe chun críocha Measúnaithe Straitéisí Timpeallachta (MST) agus Measúnaithe Chuí (MC).