Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pá agus grádú

Tá an struchtúr pá agus grádaithe d’fhoireann Thithe an Oireachtais leagtha amach sa tábla thíos mar aon le hachoimre ar an scála tuarastail ábhartha. Is féidir amharc ar thuarastail agus liúntais na gComhaltaí agus a bhfoirne i rannán na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí dár suíomh gréasáin.

Gráid

Scála Tuarastail RPP

Scála Tuarastail neamh-RPP

 
Cléireach na Dála €247,985 €235,586 Bliantúil
Leas-Ard-Rúnaí €217,087 €206,232 Bliantúil
Rúnaí Cúnta €168,138 - €192,339 €159,734 - €182,724 Bliantúil
Príomhoifigeach Ardghráid €114,104 - €140,713 €108,392 - €133,682 Bliantúil
Príomhoifigeach (Gnáthghrád) €106,021 - €131,139 €100,720 - €124,582 Bliantúil
Príomhoifigeach Cúnta Ardghráid €89,432 - €111,822 €84,954 - €106,233 Bliantúil
Príomh-Chléireach €81,475 - €111,822 €78,700 - €106,233 Bliantúil
Príomhoifigeach Cúnta €81,475 - €101,535 €78,700 - €96,457 Bliantúil
Abhcóide Comhairleach – Grád III €81,522 - €114,926 €77,646 - €109,169 Bliantúil
Oifigeach Cléireachais, Scála Níos Airde €54,847 - €76,523 €52,335 - €72,808 Bliantúil
Oifigeach Cléireachais, Gnáthscála €40,268 - €74,112 €38,742 - €70,513 Bliantúil
Cléireach Sinsearach – Scála Níos Airde €62,285 - €76,523 €59,279 - €72,808 Bliantúil
Cléireach Sinsearach – Gnáthscála €58,847 - €74,112 €56,047 - €70,513 Bliantúil
Cléireach Sóisearach – Scála Níos Airde €40,956 - €63,541 €39,400 - €60,468 Bliantúil
Cléireach Sóisearach – Gnáthscála €37,919 - €61,216 €39,400 - €58,274 Bliantúil
Oifigeach Cléireachais – Scála Níos Airde €654.47 - €945.56 €634.88 - €904.51 Seachtainiúil
Oifigeach Cléireachais – Gnáthscála €596.11 - €928.12 €571.66 - €888.02 Seachtainiúil
Príomhuiséir €62,285 - €76,523 €59,279 - €72,808 Bliantúil
Leas-Phríomhuiséir  €58,847 - €74,112 €56,047 - €70,513 Bliantúil
Uiséir – Ceannaire Foirne  €40,956 - €61,216 €39,400 - €58,274 Bliantúil
Rannóg an Mhaoirseora: Uiséir – Grád III, Oifigeach Seirbhísí, Póirtéir, Freastalaí Seirbhíse, Glantóir  €575.48 - €752.45 €570.45 - €725.91 Seachtainiúil (Meán de 5 Scála Tuarastail)
Eagarthóir Cúnta na nDíospóireachtaí €60,766 - €91,101 €57,849 - €86,539 Bliantúil
Leas-Eagarthóir na nDíospóireachtaí €85,786 - €107,064 €81,552 - €101,714 Bliantúil
Príomh-Aistritheoir €104,503 - €131,139 €99,276 - €124,582 Bliantúil
Aistritheoir – Grád I  €85,786 - €107,064 €81,552 - €101,714 Bliantúil
Aistritheoir – Grád II  €74,701 - €91,100 €71,072 - €86,539 Bliantúil
Aistritheoir – Grád III  €39,476 - €79,618 €41,211 - €75,750 Bliantúil
Ateangaire Sinsearach i dTeanga Chomharthaíochta €74,701 - €91,100 Not applicable Bliantúil
Ateangaire Sóisearach i dTeanga Chomharthaíochta €39,476 - €79,618 Not applicable Bliantúil
Tuairisceoir Parlaiminte €45,034 - €78,671 €47,265 - €74,845 Bliantúil
Leabharlannaí Cúnta €39,474 - €79,618 €41,211 - €75,750 Bliantúil
Leabharlannaí Sinsearach Parlaiminteach €74,701 - €91,100 €71,072 - €86,539 Bliantúil
Taighdeoir Sinsearach €74,701 - €91,100 €71,072 - €86,539 Bliantúil
Taighdeoir €39,474 - €79,618 €38,155 - €75,750 Bliantúil

Le haghaidh sonraí iomlána ar phá uile na Státseirbhíse, téigh chuig leathanach gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe doThuairisciú Scálaí Pá na Státseirbhíse.

Tá dhá scála pá ann le haghaidh gach gráid: 

  1. Scála pá RPP (Ranníocaíocht Phearsanta Pinsin) – Tá feidhm ag na rátaí seo i gcás inar duine nua sa státseirbhís an duine nó inar státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí é nó í a ceapadh an 6 Aibreán 1995 nó ina dhiaidh sin agus a gceanglaítear air nó uirthi ranníocaíocht phearsanta pinsin a íoc.
  2. Scála pá neamh-RPP (Ranníocaíocht Phearsanta Pinsin) – Tá feidhm ag na rátaí seo i gcás inar státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995 an duine agus nach gceanglaítear air nó uirthi ranníocaíocht phearsanta pinsin a íoc. 

Nuashonraithe go deireanach: 01 Lúnasa 2025

Roinn