Soláthraíonn Rannóg an Aistriúcháin seirbhísí aistriúcháin do Thithe an Oireachtais.
Cuireann Rannóg an Aistriúcháin aistriúcháin oifigiúla ar fáil ar Achtanna an Oireachtais agus ar Bhuan-Orduithe Dháil Éireann agus Sheanad Éireann. Cuirimid seirbhísí aistriúcháin ar fáil do Choimisiún Thithe an Oireachtais agus do Sheirbhís Thithe an Oireachtais. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar chomhfhreagras ar fáil do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí.
Achtanna an Oireachtais ar achtanna.ie
Chun Achtanna an Oireachtais a fheiceáil i mBéarla agus i nGaeilge taobh le taobh tabhair cuairt ar achtanna.ie. Tá Achtanna ó 1922 go 2009 ar an suíomh gréasáin.
Billí agus Achtanna
Chun aistriúcháin oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais a fháil i bhformáid PDF, tabhair cuairt ar an rannóg Billí agus Achtanna. Tá na haistriúcháin oifigiúla ar Ghearrtheidil agus ar Theidil Fhada Billí le fáil freisin.
Tiontuithe oifigiúla a foilsíodh le déanaí
1 Iúil 2026
Achtaithe
An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2026
Uimh. 18 de 2026
An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024
Uimh. 56 de 2024
2 Iúil 2025
Achtaithe
An tAcht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil agus Forálacha Eile) (Leasú), 2025
Uimh. 6 de 2025
An Bille Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil agus Forálacha Eile) (Leasú), 2025
Uimh. 32 de 2025
15 Aib 2025
Achtaithe
Acht an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean (Leasú), 2025
Uimh. 3 de 2025
Bille an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean (Leasú), 2023
Uimh. 97 de 2023
11 Samh 2024
Achtaithe
An tAcht Árachais Sláinte (Leasú) agus Sláinte (Táirgí Meanapáis a Sholáthar), 2024
Uimh. 42 de 2024
An Bille Árachais Sláinte (Leasú) agus Sláinte (Táirgí Meanapáis a Sholáthar), 2024
Uimh. 91 de 2024
29 DFómh 2024
Achtaithe
An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Fuatha), 2024
Uimh. 41 de 2024
An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta Fuatha), 2022
Uimh. 105 de 2022
4 DFómh 2024
Achtaithe
An tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú), 2024
Uimh. 31 de 2024
An Bille um Cheartas Coiriúil (Leasú), 2024
Uimh. 69 de 2024
Céard a dhéanann Rannóg an Aistriúcháin?
- Aistriúchán ar cháipéisí oifigiúla
-
Cuirimid aistriúcháin oifigiúla ar fáil ar Achtanna an Oireachtais. Tá siad sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais agus ar achtanna.ie.
Ní aistrímid Billí, ach cuirimid aistriúcháin oifigiúla ar fáil de Ghearrtheidil agus de Theidil Fhada Billí.
Aistrímid freisin Riar na hOibre don dá Theach, roinnt ionstraimí reachtúla agus Buan-Orduithe Dháil Éireann agus Sheanad Éireann.
- Aistriúchán eile
-
Síneann ár seirbhís aistriúcháin chuig comhfhreagras agus cáipéisí Comhaltaí a tháirgeann Coimisiún Thithe an Oireachtais cosúil le pleananna straitéiseacha agus tuarascálacha bliantúla. Tacaímid le hoifigí eile Sheirbhís Thithe an Oireachtais chun seirbhís dhátheangach a tháirgeadh.
- Ateangaireacht chomhuaineach
-
Cuirimid seirbhís ateangaireachta comhuainí ar fáil freisin do shuíonna de Dháil Éireann, de Sheanad Éireann agus de roinnt coistí.
Féadfaidh comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas labhairt i nGaeilge nó i mBéarla le linn imeachtaí sa Dáil, sa Seanad agus sna coistí. Nuair a labhraíonn Teachtaí Dála agus Seanadóirí i nGaeilge sna Tithe, déantar an méid a deir siad a aistriú go comhuaineach ar mhaithe leis na Comhaltaí sin nach bhfuil Gaeilge acu. Tá sé de cheart ag daoine den phobal nó ag oifigigh a bhíonn i láthair choistí an Oireachtais Gaeilge nó Béarla a úsáid chomh maith. Foilsítear an Tuarascáil Oifigiúil ar imeachtaí na Dála, an tSeanaid agus na gCoistí sa teanga a roghnaigh an cainteoir.
- An Caighdeán Oifigiúil
-
Tá Rannóg an Aistriúcháin freagrach as graiméar oifigiúil caighdeánach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil – agus coinníonn sí gluaiseanna de théarmaíocht oifigiúil a bhíonn in úsáid sna hAchtanna. Faoi threoir an Phríomh-Aistritheora, tugann sí leaganacha oifigiúla ainmneacha Gaeilge na gcomhlachtaí agus scéimeanna Stáit sa reachtaíocht agus is í an Rannóg údarás náisiúnta an Stáit maidir le leagan Gaeilge de chonarthaí an Aontais Eorpaigh.
- Imeachtaí
-
Eagraímid imeachtaí chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i dTeach Laighean.
Imeachtaí roimhe seo
- Rinne Tithe an Oireachtais ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, 2019 le léacht speisialta i dTeach Laighean ar an 5 Márta leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh. Breathnaíodh sa léacht ar bhunú Dháil Éireann in 1919 agus bunú Stát daonlathach na hÉireann.
- Leanadh lenár n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge ar an 12 Márta nuair a d’fhéach Cuan Ó Seireadáin ar an tábhacht a bhí le 6 Sráid Fhearchair sna chéad chruinnithe a bhí ag Dáil Éireann in 1919. Is é Cuan Ó Seireadáin coimeádaí Chonradh na Gaeilge agus cathaoirleach Raidió na Life.
- D'eagraigh Tithe an Oireachtais léacht speisialta le Máire Geoghegan-Quinn an 6 Márta 2018 chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Labhair an t-iar-Aire agus an t-iar-Choimisinéir Eorpach faoina thábhachtaí atá ár dteanga náisiúnta di féin agus ina cuid oibre agus faoina saol agus faoina gairm i bpolaitíocht na hÉireann agus na hEorpa.
An Ghaeilge san Oireachtas
Bíonn an Ghaeilge le cloisteáil gach lá i seomra na Dála, i seomra an tSeanaid agus ar fud na dTithe i measc Comhaltaí, baill foirne agus cuairteoirí.
Téigh i dteagmháil le Rannóg an Aistriúcháin
Cé go gcuirimid fáilte roimh thuairimí agus moltaí, nílimid in ann freagra a thabhairt ar ríomhphoist aonair.
Rannóg an Aistriúcháin
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
(01) 618 3922