Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 May 2026

Wednesday, 20 May 2026

Ceisteanna (337)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

337. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le cén ról lárnach a bheidh ag Údarás na Gaeltachta chun seirbhísí fuíolluisce a chur ar fáil sa Ghaeltacht, i gcomhthéacs an mhéid a dúirt Treoraí an tSeanaid ar an gclár The Week in Politics de chuid RTÉ ar an 10ú Bealtaine. [38275/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is fiú a thabhairt faoi deara go dtiteann an fhreagracht maidir le cúrsaí tithíochta ar bhonn ginearálta ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Agus é sin ráite, tá soláthar tithíochta dóibh siúd atá ag cónaí agus ag obair sa Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach dom. Go deimhin, tá tithíocht riachtanach chun an teanga, seirbhísí, fostaíocht, fiontraíocht agus deiseanna eile sa Ghaeltacht a fhorbairt. Agus sin san áireamh, tá céimeanna tacaíochta á dtógáil chun na críche seo. 

Beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 le tógáil ag Céim na Tuarascála ar an 27ú Bealtaine. Cé gurb é athbhunú toghcháin chuig bord an Údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht, déanfar leasú sa Bhille ar Alt 8  den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, chun cead a thabhairt don Údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcéanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Tá mé fhéin agus mo chomhleacaí an tAire Browne ag obair go dlúth lena chéile ar an gceist seo lenár n-oifigigh agus tá obair shuntasach déanta acu ag forbairt Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht. 

Sa phlean tithíochta a foilsíodh le déanaí, 'Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil', gealltar an Ráiteas Náisiúnta Pleanála a fhoilsiú agus moltar scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta le hUisce Éireann agus údaráis áitiúla chun tacú le tithíocht a thógáil do phobail labhartha na Gaeilge.  Reáchtáladh cruinniú le gairid idir Údarás na Gaeltachta agus Uisce Éireann chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn gan dua maidir leis an fhéidearthacht seo a scrúdú. 

Tá bord Údarás na Gaeltachta ag féachaint ar bhealaí inár féidir leis an Údarás tacú le soláthar tithíochta inacmhainne i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Chuige sin, tuigim ón Údarás go bhfuil ceist na tithíochta mar mhír bhuan ar chlár oibre bhord Údarás na Gaeltachta.

Is fiú a nótáil go bhfuil obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chur ar fáil do phobail na nGaeltachta agus ní bheadh sé cuí béim agus fócas na heagraíochta ar chomhlíonadh an róil sin a lahgdú ná a athrú. Beidh ról tánaisteach, dá réir, ag Údarás na Gaeltachta maidir le soláthar tithíocht sa nGaeltacht i dteannta ról na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na n-údarás áitiúil.

Roinn