Tá feidhmiú iomlán agus rathúil Achtanna na dTeangacha Oifigiúla ag croílár iarrachtaí an Rialtais le bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. Tá sé mar aidhm lárnach agus leanúnach ag mo Roinn an Ghaeilge a neadú go buan i soláthar seirbhísí poiblí an Stáit agus an tseirbhís phoiblí a chumasú go mbeidh lucht labhartha na teanga in ann an Ghaeilge a úsáid ina bplé laethúil le Ranna Rialtais agus le heagraíochtaí poiblí.
Céim shuntasach chun cinn i dtaca leis an obair seo a bhí i bhfoilsiú an Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028, a eascraíonn ón bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030, i mí Eanáir na bliana seo. Is é an Plean Gníomhaíochta seo an chéad phlean dá leithéid i stair an Stáit agus is toradh é ar chomhoibriú ag leibhéal sinsearach, go háirithe idir eagraíochtaí poiblí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach reachtúil atá ag feidhmiú faoin Acht.
Mar pháirt lárnach den Phlean, agus go deimhin den Acht féin mar a leasaíodh, tá córas na gCaighdeán Teanga, a bheidh ag teacht isteach in áit chóras na scéimeanna teanga in am trátha. Braitheann go leor de spriocanna agus thorthaí an Phlean Gníomhaíochta ar fheidhmiú córas na gCaighdeán Teanga, agus beidh na Caighdeáin Teanga ríthábhachtach mar a bhaineann le seirbhísí poiblí Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal amach anseo.
Tá próisis chomhairliúcháin ar leith maidir leis na Caighdeáin Teanga leagtha síos faoi Alt 19A.(6) den Acht leasaithe, eadhon:
* dul i gcomhairle le hAirí eile de chuid an Rialtais;
* comhairle a lorg ón gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge;
* próiseas comhairliúcháin phoiblí; agus
* próiseas comhairliúcháin a reáchtáil leis na comhlachtaí poiblí cuí.
Tá na céimeanna deiridh inmheánach a dtógáil ag oifigigh mo Roinne ar na Caighdeáin faoi láthair agus táthar ag súil ansin le tús a chur leis an gcomhairliúchán orthu tríd an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge go gairid. Cuirfidh na próisis seo, agus an mionscagadh a dhéanfar ar na Caighdeáin, treoir agus stiúir luachmhar ar fáil don Roinn maidir leis an leagan críochnúil de na Caighdeáin a ullmhú le forordú.