Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 May 2026

Wednesday, 20 May 2026

Ceisteanna (339)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

339. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cad é an dáta faoina ndéanfar comhlachtaí poiblí a fhorordú de réir Alt 9A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ionas go mbeidh dualgas orthu ainm agus seoladh duine i nGaeilge ina mbeidh síntí fada a úsáid agus a thaifeadadh i gceart, an bhfuil aon chomhlachtaí poiblí nach bhfuil sé i gceist aige iad a fhorordú faoi alt 9A, agus an dtacóidh sé leis an mBille um Ainm agus Seoladh Gaeilge an Duine (Síneadh Fada), 2026. [38277/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é príomhaidhm Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 a chinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán trí Ghaeilge  ar fáil ar bhonn leathan do phobal na tíre agus go bhforbrófar seirbhís phoiblí dátheangach.

Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo ab ea foilsiú an Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 in Eanáir 2026, ag eascairt as foilsiú an Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 roimhe sin i mí Dheireadh Fómhair 2024.

Tá bunshraith láidir leagtha síos anois don obair eile atá le teacht faoin Acht agus mé ag súil le roinnt fógraí móra a dhéanamh ina leith go gairid – forordú comhlachtaí poiblí chuig Alt 9A den Acht san áireamh. Cuirfidh an fhoráil seo dualgas ar chomhlachtaí poiblí ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a úsáid agus a thaifeadadh i gceart, lena n-áirítear úsáid an tsínte fhada. Áirítear leis an bhforáil seo freisin a chinntiú go bhfuil córais TFC a úsáideann comhlachtaí poiblí in ann glacadh leis an méid sin. B’fhiú a nótáil, sa chás go bhfuil gá córas a chur in oiriúint, go mbeidh tréimhse ama tugtha do na comhlachtaí poiblí comhlíontacht leis an bhforáil a bhaint amach tar éis dóibh a bheith forordaithe.

Chun tacú tuilleadh leis an obair seo, bunaíodh Grúpa Oibre Teicniúil faoin bPlean Náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na forála seo agus ar ghnéithe teicniúla eile den Phlean agus den Acht go ginearálta. Tá ionadaíocht leathan ag an ngrúpa seo ó gach cearn den earnáil phoiblí, idir Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí níos leithne, agus díríonn na baill ar sheirbhísí lárnacha agus ar an leibhéal idirghníomhaíochta leis an bpobal. Feidhmeoidh an Grúpa seo mar cheannródaithe ó thaobh neadú na riachtanais teicniúla Ghaeilge isteach i bhforbairtí teicneolaíochta éagsúla laistigh dá n-eagraíochtaí féin chomh maith le dea-chleachtas a roinnt i measc ionadaithe eile an ghrúpa oibre agus go deimhin leis an tseirbhís phoiblí níos leithne.

Maidir leis an mBille um Ainm agus Seoladh Gaeilge an Duine (Síneadh Fada), 2026, feictear dom go bhfuil féidearthachtaí ann roinnt de na nithe atá luaite ann a bhaint amach ach an bunstruchtúr a bheith tógtha ar dtús le forordú na gcomhlachtaí poiblí faoi Alt 9A de chuid Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021.

Roinn