Ag croílár iarrachtaí an Rialtais bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán, rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla (arna leasú 2021). Tá an obair seo criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach agus a normalú mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí agus chun a chur ar chumas lucht labhartha na teanga í a úsáid ina bplé leis an Stát.
Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo mar sin a bhí i bhfoilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus an chéad Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis a foilsíodh i mí Eanáir 2026.
Díríonn an Plean Náisiúnta ar chúig phríomhthéama straitéiseacha sna réimsí seo a leanas:
Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha;
Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge;
Teicneolaíocht;
Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga; agus
Bailiúchán Sonraí.
Faoi Mhór-théama Straitéiseach 2: Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge, tá sé mar sprioc ag Gníomh 2.7.1:
Go bhforbrófar córas aitheantais ilúsáide aontaithe chun seirbhísí Gaeilge atá ar fáil a léiriú, le húsáid ar fud na hearnála poiblí. Déanfar seirbhísí gairmiúla a choimisiúnú chuige seo más gá. D’fhéadfadh sé go n-áireofar leis seo cleachtas scóipeála chun samplaí rathúla atá in úsáid cheana féin a scrúdú. Agus é seo forbartha, forordófar trí na caighdeáin teanga go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí an córas a úsáid. Is féidir go nascfar é seo le Gníomh 2.6.1. agus 2.6.2.
Mar a luaitear faoi Ghníomhartha 2.6.1 agus 2.6.2, is féidir go n-áireoidh an córas:
• Siombailí / lipéid / suaitheantais / bróidnéireacht / sínithe ríomhphoist, srl.; agus
• Fógraí soiléire, sofheicthe ag cuntair chuí de chuid comhlachtaí poiblí le léiriú go bhfuil seirbhís as Gaeilge ar fáil, más amhlaidh, agus go gcuirtear fáilte roimh iarratas ar sheirbhís trí Ghaeilge.
Mar a shonraítear sa Phlean Gníomhaíochta, tá na gníomhartha thuasluaite ar chlár oibre na bliana 2027