Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 September 2026

Tuesday, 29 September 2026

Ceisteanna (940)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

940. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil grúpa oibre earnála don tríú leibhéal ceaptha, nó faoi cén dáta a gceapfar é, mar atá geallta sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68460/26]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bunaíodh an Grúpa Oibre Earnála um Riachtanais Oideachais Threasaigh don Ghaeilge san Earnáil Phoiblí faoi mhaoirseacht na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ar 30 Meitheamh 2026 i ndáil le Gníomh 4.3.3 (O) den Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028.

Tá comhaltas an ghrúpa comhdhéanta d’oifigigh shinsearacha ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta chomh maith le geallsealbhóirí ó ranna rialtais, gníomhaireachtaí ábhartha agus ionadaithe ó na hearnálacha breisoideachais agus ardoideachais.

Is é príomh chuspóir an ghrúpa oibre seo ná breithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an raon iomlán de sholáthar oideachais treasaigh, trasna réimsí an ardoideachais, breisoideachais agus oiliúna, printíseachta, uasoiliúna, athoiliúna agus foghlaim ar feadh an tsaoil, tacú le spriocanna na hearnála poiblí a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge de. Sa mhéid seo, scrúdóidh an Grúpa na réimsí scileanna tosaíochta atá ag teacht chun cinn faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 agus tógfar nithe geografacha agus deiseanna teicneolaíochta san áireamh.

Déanfaidh an Grúpa seo cibé taighde a mheastar ar gá chomh maith chun bonn eolais a chur faoina chuid oibre agus i gcomhréir le haon riachtanais reachtúla agus beartais eile.

Reáchtáladh an chéad chruinniú den Ghrúpa ar an 30 Meitheamh 2026, le plé fiúntach agus tairbheach déanta ar an lá, agus reáchtáladh an dara chruinniú ansin an tseachtain seo ar an 28 Meán Fómhair 2026.

Roinn