Ag croílár iarrachtaí an Rialtais bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán, rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla (arna leasú 2021). Tá an obair seo criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach agus a normalú mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí agus chun a chur ar chumas lucht labhartha na teanga í a úsáid ina bplé leis an Stát.
Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo mar sin a bhí i bhfoilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus an chéad Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis a foilsíodh i mí Eanáir 2026.
Díríonn an Plean Náisiúnta ar chúig phríomhthéama straitéiseacha sna réimsí seo a leanas:
Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha;
Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge;
Teicneolaíocht;
Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga; agus
Bailiúchán Sonraí.
Faoi Mhór-théama Straitéiseach 1: Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha, tá sé mar sprioc ag Gníomh 3.4:
3.4 Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le deis a bheith ag saoránach rogha teanga (Gaeilge agus/nó Béarla) a chlárú in aon áit amháin do sheirbhísí poiblí i gcoiteann agus go bhféadfaí é seo a úsáid ansin ar fud na hearnála poiblí.
Luann an Plean Gníomhaíochta dhá ghníomh shonracha a dtabharfar fúthu leis an sprioc seo a bhaint amach, is iad sin:
Gníomh 3.4.1: Déanfar staidéar féidearthachta a chur i gcrích agus na torthaí uaidh a bhreithniú i gcomhthéacs na chéad chéimeanna eile a aithint. Mar chuid den staidéar féidearthachta seo, féachfar ar mhúnlaí lárnacha atá ann cheana féin ó thaobh MyGov mar aon le bearta a bhféadfaí tabhairt fúthu chun feasacht a chothú i measc fostaithe na hearnála poiblí maidir lena leithéid de chlár lárnach, dá mbunófaí é, chomh maith le hinfhaighteacht éasca agus forleathan a chinntiú air i gcomhréir le cúrsaí cosanta sonraí. Nascfar an obair seo le hobair: an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge; an Ghrúpa Oibre bunaithe idir RFTPG, RCPA agus ÚnaG luaite faoi Ghníomh 3.1.1.; an ghrúpa oibre teicniúil luaite faoi Chuspóir 3.6 den Phlean Náisiúnta; an Choiste Chomhairligh um an nGaeilge sa Réimse Digiteach; agus ALT-EDIC.
agus
Gníomh 3.4.2: San idirthréimhse, déanfar feachtas feasachta a reáchtáil chun feasacht a chothú i measc an phobail maidir leis na féidearthachtaí reatha atá ann a rogha teanga a chlárú.
Mar atá luaite sa Phlean Gníomhaíochta, beidh an dá ghníomh seo san áireamh ar chlár oibre na bliana 2027.