Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lá i saol Theach Laighean – Lónadóireacht

Taispeánann Julie Lyons, an bainisteoir líne sa rannán lónadóireachta, an chistin i dTeach Laighean dúinn agus labhraíonn sí faoi veigeatóirí, bia sláintiúil agus dinnéir thréigthe.

6.30 a.m.

Julie Lyons, bainisteoir líne lónadóireachta

6.30 a.m.

Osclaíonn an dara cócaire an chistin luath. Tagann na hearraí isteach agus tosaíonn an fhoireann chócaireachta ag obair.

Rachaidh mé isteach níos déanaí, agus ón bpointe a théim isteach ag obair, bím fíor-chruógach go deo. Is é Dé Céadaoin an lá is faide a suíonn an Dáil agus an Seanad, agus tabharfar amach níos mó ná 1,000 béile do Chomhaltaí, don fhoireann, d’iriseoirí agus do chuairteoirí an lá sin.

8.30 a.m.

Osclaítear na bialanna agus bíonn scuaine ann i gcónaí nuair a osclaíonn an doras. Déanaimid gnáth-bhricfeasta te ach is breá leo leite freisin. Roimhe seo dhíoladh muid b’fhéidir ceithre bhabhla leite; déanaimid thart ar 100 babhla anois. Tugann siad leo iad chuig a gcuid oifigí, cuireann siad a gcuid síolta chia orthu, na sabhdánaigh, an cainéal agus an mil.

Déanann ár gcócaire cístí 200 scóna – gach cineál – gach maidin Dé Céadaoin. Leagfar chun boird sa seomra bia iad, sa bhialann féinseirbhíse, sa bheár agus sa siopa caife, agus tagann sé ar fad as an gcistin amháin.

Tá an siopa caife i TL2000 níos gnóthaí ná riamh mar tá níos mó Coistí Oireachtais ann anois. Seiceálaim sceideal gnó an lae ionas go mbeidh a fhios againn cé mhéad Coiste a bheidh ina suí. Ar an gcaoi sin beidh a fhios agam cé mhéad ceapaire a chuirfidh mé amach.

Cócairí i mbun oibre i gcistin Theach Laighean

11.30 a.m.

Tá an bricfeasta thart, agus tá sé in am fáil réidh le haghaidh lóin. Cuirimid bia úr, Éireannach chun boird, agus tá an t-ádh linn an áis a bheith againn chun é sin a dhéanamh. Déanaimid ár stoic agus ár n-anraithí féin gach lá. Tá an chistin lán le daoine. Tá 32 ball foirne againn, roinnt acu go lánaimseartha agus roinnt eile go páirtaimseartha, ach bíonn gach duine istigh Dé Céadaoin.

Bainisteoir líne lónadóireachta ag stáisiún déanamh ceapairí

12.30 a.m.

Tosaíonn an tseirbhís lóin, agus tá scuaine arís sa bhialann féinseirbhíse. Ní miste linn. Bíonn gach duine ag comhrá agus castar daoine ar a chéile rud nach dtarlódh murach sin. Táim ag obair anseo ó 1991, agus tá roinnt athruithe feicthe agam ó shin. Roimhe seo bhíodh na polaiteoirí ag iarraidh an bia a thabhairt dóibh i mbialann na gComhaltaí, ach is fearr le daoine an féinseirbhís na laethanta seo. Níl sé chomh foirmeálta. Is féidir leo rudaí a phiocadh ón mbeár sailéad. Baile ón mbaile é seo do chuid acu. Bíonn roinnt daoine anseo ó mhaidin Dé Máirt go dtí oíche Déardaoin agus ní bhíonn siad in ann an áit a fhágáil. Suíonn roinnt daoine sna cathaoireacha céanna gach uair a dtagann siad isteach.

Tá éagsúlacht níos mó daoine sa Dáil agus sa Seanad anois le hais mar a bhí roimhe seo. Tá níos mó éilimh ar bhia folláin cosúil le sailéid agus ar an rogha beir leat agus imigh. Is cuimhin liom nuair nach raibh againn ach veigeatóir amháin i dTeach Laighean. Tá méadú mór ar an éileamh ar bhéilí veigeatóracha anois, go mór mór ar an Luan. Dúirt roinnt daoine liom nach n-íosfaidh siad aon fheoil ar an Luan. Mar sin fiú má bhímid ag cócaireacht ar an mbealach traidisiúnta, le bia úr ar fad, tá athrú tagtha orainn féin le himeacht ama.

Is gnách leis an Dáil agus an Seanad sos a ghlacadh i lár an lae. Glaoitear SOS air sin (imeachtaí ar fionraí) agus bíonn rudaí craiceáilte istigh anseo. Bíonn an sceideal ar eolas againn roimh ré mar sin bímid réidh. Uaireanta ní bhíonn ag daoine ach 40 nóiméad sula gcaitheann siad filleadh ar na Tithe. Beidh mo bhriseadh lóin agam féin ag 2 p.m. más féidir liom é. Oibríonn foireann na seirbhíse lóin go dtí 4 p.m.

An bainisteoir líne lónadóireachta Julie Lyons ag meascadh stoic i gcistin Theach Laighean

3 p.m.

Tá am lóin thart agus tá sé in am fáil réidh le haghaidh sheirbhís an tráthnóna. Tagann go leor cuairteoirí chuig bialann na gComhaltaí ar an gCéadaoin. D’fhéadfadh cuid acu a bheith ag teacht go Teach Laighean don chéad uair agus tá sé mar a bheadh searmanas ag tarlú. Ní bhíonn aon deifir orthu ag ithe agus iad ina suí ansin ag faire ar dhaoine agus b’fhéidir go gcasfaí a dTeachtaí Dála áitiúla orthu. Bíonn an Ceann Comhairle ina shuí gar don doras de ghnáth. Is maith leis siúd na seanbhealaí a dhéanaimid rudaí sa chistin agus an bealach a dhéanaimid gaisce as bia Éireannach.

Rud amháin nach gcaitheann gnáthchistin déileáil leis is ea nuair a bhuaileann na cloigíní vótála gan choinne. Caitheann Teachtaí Dála nó Seanadóirí nach raibh ach díreach tar éis suí síos ag a ndinnéar a gcuid plátaí a thréigean agus rith chuig an Dáil nó chuig an Seanad chun vóta a chaitheamh. Agus bíonn orainn a gcuid dinnéir a chur isteach faoi lampaí te go dtí go dtagann siad ar ais arís.

10 p.m.

Bímid ar oscailt déanach do na Comhaltaí agus don fhoireann go dtí go gcuirtear an Dáil agus an Seanad ar athló. Sin 10 p.m. go hiondúil ar an gCéadaoin, ach athraíonn sé. Má bhíonn an t-ádh orm, éiríonn liom imeacht ag 10.30 p.m. ach uaireanta bíonn sé 11 p.m.

Roinn