Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maidir leis an OBP

Cuireann Oifig Buiséid Pharlaiminteach Thithe an Oireachtais faisnéis, anailís agus comhairle neamhspleách agus neamhchlaonta ar fáil do Thithe an Oireachtais.

Cén fáth ar bunaíodh an Oifig Buiséid Pharlaiminteach?

D’aithin an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta an gá a bhí leis an oifig ina hathbhreithniú ar fhormhaoirsiú buiséid Pharlaimint na hÉireann. Mhol an Fochoiste um Athleasú na Dála de chuid an Oireachtais, ina thuarascáil deiridh i mí na Bealtaine 2016, go mbunófaí an oifig.

Cuireann OBP, a bunaíodh in 2017, tacaíocht, comhairle agus anailís shaincheaptha ar chúrsaí eacnamaíocha agus fioscacha ar fáil do Thithe an Oireachtais, dá gcomhaltaí agus dá gcoistí agus a ról in airgeadas Stát na hÉireann a cheadú agus i bhformhaoirseacht a dhéanamh air á chomhlíonadh acu. Tacaíonn sé go háirithe leis an gCoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid de réir mar a dhéanann sé grinnscrúdú ex ante ar gach ábhar buiséadaithe. Cuireadh an OBP ar bhonn reachtúil san Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2018 agus tá grúpa comhairleach seachtrach aige le comhairle a thabhairt ar chúrsaí teicniúla.

An Chomhairle Fhioscach agus an OBP

Tá an Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OBP) ar cheann den dá institiúid neamhspleácha fhioscacha in Éirinn, agus is é Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann an ceann eile. I gcomparáid leis an OBP, díríonn an Chomhairle Fhioscach ar mheasúnuithe áirithe a bhfuil reachtaíocht leagtha síos ina leith agus ar na measúnuithe siúd a chur ar fáil go poiblí: tacú le réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha an Rialtais, measúnú a dhéanamh ar a réamhaisnéisí, monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha fioscacha, agus measúnú a dhéanamh ar sheasamh fioscach foriomlán an Rialtais.

OECD countries should provide for an inclusive, participative and realistic debate on budgetary choices, by offering opportunities for the parliament and its committees to engage with the budget process at all key stages of the budget cycle.
OECD Recommendations on Budgetary Governance
Annette Connolly, Stiúrthóir na hOifige Buiséid Parlaimintí

Annette Connolly, Stiúrthóir na hOifige Buiséid Parlaimintí

Struchtúr eagraíochtúil

Tá stiúrthóir ag an OPB, Annette Connolly, agus leas-stiúrthóir, Denise O’Connell. Tá líon beag foirne ann faoi cheannas an Phríomhoifigigh Chúnta ag gníomhú mar cheannaire foirne agus ag tuairisciú chuig an leas-stiúrthóir. Clúdaíonn an OPB ábhair cosúil le taighde agus anailís bhuiséadach (lena n-áirítear anailís ar chaiteachas agus ar cháin), taighde eacnamaíoch, bainistiú airgeadas poiblí agus rialacha seimeastair AE agus fioscacha. D’fhéadfadh an struchtúr seo athrú agus forbróidh sé de réir mar a fhorbraíonn an OPB a cuid seirbhísí.

Grúpa comhairleach seachtrach

Grúpa de shaineolaithe acadúla agus ón earnáil phríobháideach is ea grúpa comhairleach seachtrach OBP a chabhraíonn le OBP le cúnamh teicniúil agus modheolaíochta pro-bono. D’aontaigh Coimisiún Thithe an Oireachtais bunú an ghrúpa chomhairligh sheachtraigh in Aibreán 2018 agus tagann sé le Moladh na Comhairle OECD ar Phrionsabail d’Institiúidí Neamhspleácha Fioscacha (2014) ina moltar go bhforbraíonn institiúidí neamhspleácha fioscacha sáraí do mheasúnú seachtrach ar a gcuid oibre. Reáchtáladh an chéad chruinniú den ghrúpa comhairleach seachtrach Dé Luain, 25 Meitheamh 2018.

Is é comhaltas iomlán an ghrúpa chomhairligh sheachtraigh:

  • An Cathaoirleach Robert Chote (Office for Budget Responsibility, UK)
  • An Dr Alan Barrett (ESRI)
  • An Dr Micheál Collins (An Coláiste Ollscoile, BÁC)
  • Megan Greene (Comhalta Sinsearach ag an Mossavar-Rahmani Center for Business and Government at Harvard Kennedy School)
  • Dervla McCormack (Comhpháirtí PwC (Poblacht na hÉireann))
  • An Dr Stephen Kinsella* (Ollscoil Luimnigh)

* Tháinig an Dr Stephen Kinsella in ionad an Dr Alan Ahearne (OÉ Gaillimh) a bhí ina comhalta den ghrúpa comhairleach seachtrach ó Mheitheamh 2018 go Lúnasa 2020.

Tagann an grúpa comhairleach seachtrach le chéile uair sa bhliain ar a laghad. Reáchtáladh an cruinniú is deireanaí den ghrúpa comhairleach seachtrach go fíorúil an 28 Meitheamh 2021.

Sonraí teagmhála

An Oifig Buiséid Pharlaiminteach
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
pbo@oireachtas.ie

Roinn