Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lá na hEorpa 2022

Ar an 9 Bealtaine gach bliain déanann ballstáit an Aontais Lá na hEorpa a cheiliúradh. Is lá é chun machnamh ar an gcomhoibriú, rathúnas agus síocháin atá ann ó thosaigh an ‘tionscadal Eorpach’. Tá suntas faoi leith ag baint leis an mbliain seo d’Éirinn mar tarlaíonn sé ar chothrom 50 bliain ón reifreann a cheadaigh dúinn dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (an 10 Bealtaine 1972), an eagraíocht ónar fhás an tAontas Eorpach. 

Déanann Tithe an Oireachtais Lá na hEorpa a cheiliúradh gach bliain trí imeachtaí, cláir theilifíse agus foilseacháin a bhaineann leis an Aontais Eorpach. I mbliana is é an rannpháirtíocht téama Lá na hEorpa, toisc go bhfuil   Bliain Eorpach na hÓige ann i mbliana.

Éire agus an AE

Amlínte

Éire agus an AE

Le linn ár n-aistear san AE bhí an iomad cloch mhíle shuntasach ann ó 1972 i leith, agus tá sé fós ag forbairt agus ag teacht in aibíocht.

féach

An Ceann Comhairle

(2 nóiméad) Roinneann an Ceann Comhairle, Seán ó Fearghaíl, a chuid smaointe maidir leis an tábhacht a bhaineann le bheith inár gcomhaltaí gníomhacha den Aontas Eorpach.

Amharc ar an bhfíseán

óige

Labhraíonn Daoine Óga le Comhaltaí

Labhair triúr óg ó Chomhairle na nÓg le comhaltaí den Choiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh mar chuid de Lá na hEorpa agus de Bhliain Eorpach na hÓige, 2022.

Amharc ar an bhfíseán

Féach

Teilifís an Oireachtais | 50 Bliain de Bhallraíocht san AE

(17 nóiméad) Caitheann Iar-Ambasadóir na hÉireann chun an Aontais Eorpaigh Rory Montgomery súil siar ar ghnéithe eacnamaíocha agus sóisialta de bhallraíocht na hÉireann san AE le 50 bliain anuas. Pléann Flor seo a thuilleadh leis an Dr Mary C. Murphy ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus leis an iriseoir Shona Murray.

Amharc ar an bhfíseán

Céard a cheapaimid faoin Eoraip?

Tá an tEorabharaiméadar 2022 d’Éirinn foilsithe ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn.

Dírítear sa tuairisc ar thuairimí saoránach Éireannach i leith an Aontais in Éirinn. Scrúdaítear inti ar an leibhéal muiníne sna hinstitiúidí Eorpacha agus treo an Aontais amach anseo, agus déantar measúnú ar an gcaoi a mbreathnaíonn muintir na hÉireann ar a staid eacnamaíoch; a sástacht leis an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas in Éirinn agus san Aontas Eorpach; a muinín sna meáin; agus sástacht ar an iomlán le bearta a dhéantar chun troid in aghaidh na paindéime.

  • Tá 88% de shaoránaigh na hÉireann dóchasach faoi thodhchaí an Aontais, an ráta is airde ar fud AE27.
  • Tá íomhá dhearfach ag 71% de shaoránaigh na hÉireann den Aontais, an ráta is airde san AE, agus go suntasach níos airde ná meán AE27, 44%.
  • Ceapann 71% de mhuintir na hÉireann go bhfuil Éire ag dul an treo ceart, 64% de mhéadú in 2021.
  • Ceapann 62% go bhfuil an tAontas Eorpach ag dul an treo ceart.
Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

tograí

Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Tá obair na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa curtha i gcrích agus, tar éis míonna dianphlé, tá tuarascáil le 49 togra curtha chun cinn do thrí institiúid na hEorpa. Beart ón mbun aníos a bhí ann ina raibh saoránaigh na hEorpa ag tabhairt a dtuairimí ar a bhfuil siad ag súil leis ón AE agus conas todhchaí an Aontais Eorpaigh a mhúnlú, mar chuid den chomhdháil. 

Sa chás taispeántais

An mhí seo tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh 50 bliain ó vótáil Éire dul isteach sna Comhphobail Eorpacha, le dhá Pháipéar Bhána ó 1961 agus 1970 ar taispeántas, ina gcuirtear síos ar na himpleachtaí a bhaineann le comhaltas.

EEC membership, 14 July 1966

Seanad debate

EEC membership, 14 July 1966

“If the Government fail to pursue this aim as thoroughly and as efficiently as we think is desirable, we will be pressing them from behind…It will do no harm to our position in Brussels and in this country if it is seen that this House is concerned about this matter.”

— Garrett FitzGerald

EEC membership, 21 March 1972

Dáil debate

EEC membership, 21 March 1972

“Surely it is self-evident that if we were to remain outside the Community we would be conferring on the Border the status of a frontier, both economic and political, between ourselves and the rest of Europe.”

— Jack Lynch 

Léitheoireacht bhreise

Foghlaim tuilleadh faoi institiúidí an AE, caidreamh na hÉireann leis an AE agus comóradh 50 bliain ó  reifreann na hÉireann maidir le dul isteach san AE in 1972.

Roinn